An Chéad Chogadh Domhanda agus Éire
- Ar an láthair
Bí linn don chaint seo ar an gCéad Chogadh Domhanda agus Bailiúcháin an NLI!
I samhradh 1914, thosaigh cogadh san Eoraip a d’athraigh an domhan go deo. Beidh an cur i láthair seo dírithe ar an gcogadh sin, agus breathnófar go háirithe ar na daoine a bhí ina gcónaí in Éirinn agus ar an tionchar a bhí aige orthu. In Éirinn, thacaigh go leor daoine leis an gcúis agus chuaigh siad i mbun troda nó thaistil le freastal i seirbhísí altranais agus cúnta. Chuir daoine eile i gcoinne an chogaidh ar chúiseanna morálta, sóisialta nó polaitiúla. Faoin am ar tháinig deireadh leis an gcoimhlint in 1918, bhí a tionchar le brath fud fad na tíre. Tarraingeoidh an cur i láthair seo ar íomhánna ó bhailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, lena n-áirítear litreacha, dialanna, póstaeir earcaíochta, tuairiscí nuachtáin, cartúin agus bileoga ó 1914-1918, le scéal na hÉireann roimh an gcogadh, lena linn agus ina dhiaidh a insint.
Más féidir lenár bhfoireann aon chúnamh a thabhairt duit, déan teagmháil linn ag learning@nli.ie