Home, National Library of Ireland
Menu

Naomh Bréanainn: Seanchas agus Cultas

Date
-
Location National Library of Ireland, 7-8 Kildare Street, Dublin, D02 P638
Category Event
Price Free
Date
-
Location National Library of Ireland, 7-8 Kildare Street, Dublin, D02 P638
Category Event
Price Free
Hill covered in snow.

Cnoc Bréanainn faoi bhrat sneachta.

In Person

Join us for a lecture as Gaeilge in collaboration with the Folklore Society of Ireland

Pléitear na foinsí eolais faoi Bhréanainn atá ar fáil inniu agus dírítear ar an íomhá de mar fhear farraige atá léirithe go háirithe sa téacs iomráiteach Navigatio Sanctí Brendani Abbatis. Déantar cíoradh ar thionchar an scéil sin ar shamhlaíocht agus litríocht na hEorpa, agus ar a thábhacht i scaipeadh cháil Bhréanainn ar an mór-roinn. Déantar scagadh ar an traidisiún béil logánta faoi Bhréanainn agus na cleachtais oilithreachta a bhfuil Cnoc Bréanainn lárnach iontu.

Headshot of Pádraig Ó Héalaí
Pádraig Ó Héalaí

Duibhneach atá ar scor le tamall óna phost mar Léachtóir Sinsearach i Roinn na Gaeilge, in Ollscoil na Gaillimhe. Béaloideas na hÉireann a shainréimse léinn agus tá foilseacháin iomadúla aige ar ghnéithe den ábhar sin. Bhí sé ina eagarthóir ar an iris Béaloideas ó 1980 go 1995, agus i gcomhar le Bo Almqvist d’fhoilsigh sé Peig Sayers. Labharfad le Cách. Labharfad le Cách (2009) agus Peig Sayers. Níl Deireadh Ráite. Níl Deireadh Ráite (2020). Foilsíodh bailiúchán aistí leis sa bhliain 2022: Snátha den Seansaol. Aistí ar bhéaloideas an Bhlascaoid agus na míntíre. Snátha den Seansaol. Aistí ar bhéaloideas an Bhlascaoid agus na míntíre.

If our team can be of any assistance, please contact us at learning@nli.ie