James Crawford Neil
Bhí aithne mhaith ar Francis Sheehy-Skeffington i mBaile Átha Cliath, áit a raibh ina phearsa phoiblí. Réitigh an cás de chuid James Crawford Neil níos fearr le cás an ghnáth-thaismeach sibhialta, agus é ina fhear óg nach raibh mórán aithne air seachas ag a mhuintir féin, a áit oibre agus a chuid cairde agus lucht aitheantais. Bhí James Crawford Neil (1887-1916) ina Phreispitéireach bhí sé ina ghnáthdhuine óg i mBaile Átha Cliath a raibh cónaí air i nDroim Chonrach. D’oibrigh sé mar chúntóir leabharlainne i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Ar an Mháirt 26 Aibreán bhí Leabharlann Náisiúnta na hÉireann dúnta mar gheall ar an Éirí Amach. Agus an lá saor aige, thaistil sé go Glas Tuathail, sráidbhaile taobh amuigh de Bhaile an Rí (Dún Laoghaire), chun cuairt a thabhairt ar a fiancée. B’í a fiancée aisteoir darbh ainm Patricia (‘Gypsy’) Walker, deirfiúr le Máire Ní Shiubhlaigh, a bhí ina aisteoir chomh mhaith agus ar dhuine de na mná i gCumann na mBan a bhí gróigthe istigh i monarcha Jacob. Ar a bhealach abhaile an tráthnóna sin sheachain sé Sráid Sackville mar d’airigh sé contúirteach é, agus chuaigh sé trasna na Life níos faide siar; áit a fuair sé bás. Is cosúil go raibh sé i mbun agóide le bradaí nuair a lámhachadh sa dhroim é, urchar fánach b’fhéidir, nó urchar a scaoileadh ag saighdiúir nó Óglach arbh é a dhearmad é gur mheas sé gur bhradaí a bhí ann. Fuair sé bás in Ospidéal Shráid Jervis an 10 Bealtaine.
Mar aon le rudaí eile, bhí ábhar file i James Crawford Neil a bhí ar tí a chéad chnuasach a fhoilsiú. Foilsíodh é, ach bhí sé marbh faoin am sin: Bhí ‘Happy Island: Child Poems’ le Crawford Neil curtha in eagar ag F.R. Higgins agus foilsíodh é i mBaile Átha Cliath i mí Iúil 1916.
B’fhéidir go scríobhfadh James Crawford Neil níos mó dánta. Chomh maith leis sin seans go mbeadh clann aige: d’fhéadfá a gharpháistí nó a chlann garchlainne a fheiceáil ar siúl inár measc - duine acu ina file fiú. Is é a raibh i ndán do James Crawford Neil nach mbeadh sé in ann barr a chumais a bhaint amach ach oiread le haon duine de na taismigh sibhialta eile, ná le aon duine de na comhraiceoirí a bhásaigh freisin—ach ar a laghad bhí smacht éigin acu ar an méid a bhí i ndán dóibh.