Aontas Bhaile Átha Cliath Theas
Ghabh an Ceathrú Cathlán, a raibh thart ar 120 Óglach páirteach ann ar an lá (500 Óglach a bhíodh ann go hiondúil) faoi cheannas an Cheannfoirt Éamonn Ceannt, seilbh ar Aontas Bhaile Átha Cliath Theas, a bhí suite ó dheas den Life, dhá mhíle siar ó Ard-Oifig an Phoist. Ba i lár an 19ú haois a tógadh an tAontas agus ba theach do bhochtáin ó thús é; sa bhliain 1916 bhí thart ar 3,200 bochtán agus duine scothaosta ag cur fúthu ann, mar aon le grúpa mór dochtúirí, altraí agus oibrithe coimhdeacha a bhí fostaithe ann. Mar gheall ar sin is léir go raibh sé míchuí mar dhaingean agus éirí amach faoi lán seol. Scaoileadh marbh an tAltra Margaretta Keogh trí thimpiste i rith an chomhraic.
Suíomh straitéiseach a bhí in Aontas Bhaile Átha Cliath Theas mar go raibh radharc anuas uaidh ar stáisiún iarnróid Dhroichead an Rí (Heuston) i dtreo an tuaiscirt agus go raibh an bealach ó Bheairic Richmond agus an tOspidéal Ríoga (an cheanncheathrú mhíleata) go dtí lár na cathrach os a chomhair. Ionad le go leor foirgneamh a d'fhreastail ar fheidhmeanna éagsúla a bhí ann. I measc na bhfoirgneamh sin bhí áit chónaithe, otharlann, ospidéal agus séipéil; bhí sráideanna, caolsráideanna agus clóis leagtha amach sa suíomh seo agus bhí sé suite ar 50 acra glas laistigh de bhalla ard cloiche. Is ag díriú amach ar Shráid San Séamas a bhí an príomhghrúpa foirgneamh; agus ba ansin a bhunaigh Ceannt a cheanncheathrú i dteach na n-altraí oíche. D'imlonnaigh sé a chuid fear ag pointí cuí, rud a léirigh go raibh cumas maith oirbheartaíochta aige. Chomh maith leis sin, ghabh Ceannt seilbh ar thrí urphost, agus chinn sé captaen amháin agus thart ar scór fear a chur ag gach urphost: chuir sé an Captaen Seamus Murphy chuig Drioglann Jameson i Lána Mhuire Mhaith san oirdheisceart; Con Colbert chuig drioglann Watkins ar Shráid Bhaile Átha Fhirdhia san oirthear; agus an Captaen Thomas McCarthy chuig Drioglann Roe i gCnocán an Bhrúnaigh.
Ba ar an Luan agus ar an Máirt a bhí an chuid ba fhíochmhaire den troid. I gcaitheamh an dá lá sin ghabh an t-arm seilbh ar chodanna den ionad, agus choinnigh siad seilbh orthu. Ar an Déardaoin chuir fórsaí móra míleata dlús faoin ionsaí ach b'éigean dóibh tarraingt amach go deireanach an tráthnóna sin. Bhí líon suntasach caillte ag an dá thaobh. Faoin tráth sin bhí cinneadh déanta ag an nGinearál Lowe aird a dhíriú ar Ard-Oifig an Phoist agus ar na Ceithre Cúirteanna. Ní bhfuair Ceannt scéala faoin ngéilleadh go dtí an Domhnach.