An géilleadh
Reáchtáil an cúigear ball den Rialtas Sealadach a chúlaigh ó Ard-Oifig an Phoist ar an Aoine cruinniú tráthnóna Dé hAoine i siopa éisc Hanlon in uimhir 16 Sráid an Mhúraigh maidin Dé Sathairn chun na roghanna a bhí acu a phlé. I measc na ndaoine a bhí i láthair bhí an Piarsach, Ó Conghaile, Ó Cléirigh, Mac Diarmada agus Ó Pluingcéad. Chinn siad géilleadh ionas nach gcaillfí duine ar bith eile. Ag 12.45 p.m. cuireadh an tAltra Elizabeth OFarrell, ball de Chumann na mBan, agus bratach na Croise Deirge ar iompar aici le hinsint don Ghinearál Lowe gur theastaigh ón bPiarsach téarmaí géillte a phlé. Ar deireadh thiar, ghéill an Piarsach gan choinníoll. Níor shroich an scéala maidir leis an ngéilleadh cuid de na urphoist go dtí an lá dár gcionn, an Domhnach, an 30 Aibreán.