Poblachtánaigh agus iad siúd a chuaigh i muinín na láimhe láidre: Bulmer Hobson agus Denis McCullough
Chuir siad leis an Éirí Amach trí Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann a athneartú agus Óglaigh na hÉireann a chur chun cinn.
Bhí an nós ann go mbeadh gluaiseacht na bpoblachtánach de shíor ag méadú is ag laghdú le linn na naoú haois déag: bhí an ghluaiseacht in ísle brí thar na deich mbliana tar éis bás Parnell in 1891. Ag an am bhí formhór na náisiúnach ag brath ar an bpolaitíocht parlaiminte mar an t-aon bhealach a bhí indéanta chun cúis na hÉireann a chur chun cinn go macánta. Ba é an Rialtas Dúchais an chuspóir: chreid formhór na ndaoine go raibh sé dosheachanta agus go n-athródh sé gheilleagar na hÉireann ó bhonn. Cé go raibh súil ag roinnt daoine go mbeadh scaradh ón mBreatain mar thoradh air ar deireadh, ghlac formhór na ndaoine le ról na hÉireann mar chuid den Ríocht Aontaithe - an impireacht ba chumachtaí ar domhan: ní raibh an saol chomh dona sin ag a lán daoine.
Cé go raibh traidisiún na bpoblachtánach faoi shuan, ní raibh sí marbh. Bhí mionlach ann i gcónaí a chreid nach raibh teideal dlisteanach ar dhlínse ag an mBreatain ar Éirinn. Cheap siad chomh maith nach mbainfeadh Éire mórán tairbhe as an Rialtas Dúchais agus gurb é neamhspleáchas iomlán an t-aon chuspóir fhiúntach a bhí ann. Bhraith poblachtánaigh go mbeadh sé dodhéanta géilleadh a bhaint amach ón mBreatain trí mhodhanna reachtúla (mar a bhí fíor i gcás Uí Chonaill le hAisghairm an Aontais agus i gcás Parnell le Rialtas Dúchais) agus mar sin ba é an lámh láidir an t-aon rogha dar leo.
Le linn blianta tosaigh an fichiú haois tháinig borradh faoin bpoblachtachas i mBéal Feirste. Ba iad na gníomhaithe ba mhó David McCullough (1883-1968) agus Bulmer Hobson (1883-1969). Ba as Bóthar na bhFál McCullough, mac Fínín, agus fuair sé a chuid oideachais ó na Bráithre Críostaí. D'oibrigh sé mar tiúnóir pianó i mBéal Feirste áit ar bhunaigh sé gnó ceoil, gnó a d'aistrigh sé go Baile Átha Cliath ní ba dhéanaí. Chuaigh sé i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann in 1901, ach bhraith sé go raibh easpa stiúrtha agus go raibh an eagraíocht sa dé deiridh.
Ba Chaecair iad muintir Hobson as Ard Mhic Nasca, Co. an Dúin agus fuair sé a chuid oideachais i Scoil na gCairde, Lios na gCearrbhach, Co. Aontroma. Ba chlódóir é, léirigh sé spéis i gcultúr na hÉireann agus i ngluaiseacht an phoblachtachais agus chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus i gCumann Lúthchleas Gael. Bhunaigh sé an Cumann Protastúnach Náisiúnta mar mhodh chun Protastúnaigh óga a mhealladh i dtreo fhís na bpoblachtánach. Bhunaigh sé Fianna Éireann in 1903, eagraíocht gasóga do bhuachaillí a bhfuair a ainm ó Fhianna na finscéalaíochta. Ní dhearna Fianna Éireann mórán dul chun cinn ag an tús ach d'athsheol Hobson agus an Chuntaois Markievicz é i mí Lúnasa 1909. Bhí an leagan nua den eagraíocht rathúil go leor, gné shuntasach ab ea é anois den ghluaiseacht náisiúnach; cuireadh beirt dá chéad earcach, Con Colbert agus Seán Heuston, chun báis i ndiaidh Éirí Amach 1916.
I 1904 chuir McCullough Hobson faoi mhóid Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann. An bhliain dar gcionn tháinig siad le chéile chun Clubanna Dhún Geanainn a bhunú, iad ainmnithe i gcuimhne ar choinbhinsiúin na nÓglach i nDún Geanainn i 1782-3, a raibh leasú na Parlaiminte á éileamh acu. Chuirtí an náisiúnachas radacach chun cinn i gClubanna Dhún Geanainn, ceann de na príomhábhair mhíshásaimh dóibh ab ea an leibhéal ard earcaíochta in arm na Breataine. Tugadh isteach faoi scáth Shinn Féin iad ar deireadh.
Bhí Hobson agus Mac Con Uladh páirteach le Tomás Ó Cléirigh agus Seán Mac Diarmada in athchóiriú Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann chun eagraíocht éifeachtach a dhéanamh de. Bhí McCullough ina chathaoirleach ar an Ardchomhairle le linn Éirí Amach 1916 ach níor chuir an Chomhairle Mhíleata na mionsonraí faoina raibh beartaithe in iúl dó. De thoradh ar an tranglam a déirigh as freasthordú Mhic Néill ní raibh sé ábalta páirt éifeachtach a ghlacadh san Éirí Amach. Bhí ról an-tábhachtach ag Hobson i mbunú Óglaigh na hÉireann ach ba bheag muinín a bhí as tar éis dó géilleadh do Redmond agus ligean dó smacht a fháil ar na hÓglaigh cé go raibh cúiseanna maithe aige lena dhéanamh. Ach oiread le McCullough, ní raibh Hobson ar an eolas maidir leis na socruithe deiridh a bhí déanta don Éirí Amach; nuair a tháinig amhras air Déardaoin Mandála áfach go raibh Éirí Amach beartaithe do Dhomhnach Cásca chuir sé an méid sin in iúl do Mhac Néill agus chuir tús sa tslí sin leis an ngéarchéim. Lena chinntiú nach mbeadh a thuilleadh trioblóide leis, thug an Chomhairle Mhíliteach ordú é a ghabháil agus a choimeád go dtí Luan Cásca. Níor ghlac sé páirt san Éirí Amach, agus dúirt sé, ag labhairt dó ina dhiaidh, I was not going to be driven against my judgement by being faced with a fait accompli.