Séamas Ó Conghaile, Leas-Uachtarán Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann. Mar Cheannfort-Ghinearál ar Bhriogáid Bhaile Átha Cliath dArm Phoblacht na hÉireann, stiúir sé an gníomh míleata.
Rugadh James Connolly (1868-1916) ag 107 Cowgate, Dún Éideann, mac le heisimircigh Chaitliceacha, John Connolly, carraeir, agus a bhean Mary McGinn. Bhí an teaghlach an-bhocht. Chuaigh Séamas ag obair in aois a chéad bhliain déag agus chuaigh sé isteach in Arm na Breataine ag ceithre bliana déag, agus chaith sé seacht mbliana in Éirinn. Chuaigh sé ar ais go Dún Éideann i 1890 agus bhí sé an-ghníomhach sa bpolaitíocht shóisialach. Mhúin sé é féin, léigh sé go cíocrach faoin stair, faoin pholaitíocht, faoin eacnamaíocht agus faoin sóisialachas. Tháinig sé go Baile Átha Cliath i 1896 áit ar bhunaigh sé an Páirtí Sóisialach Poblachtach agus dfhoilsigh sé an nuachtán The Workers Republic. Chuir sé i gcoinne an Rialtas Dúchais mar go raibh sé ní b'fhearr don mheánaicme, caipitlíoch agus nach dóchúil go gcuirfeadh sé athchóiriú sóisialta chun cinn.
I 1903, chaith Ó Conghaile trí mhí sna Stáit Aontaithe ar chamchuairt léachta; an bhliain dar gcionn thug sé leis a theaghlach le cónaí leis i Nua-Eabhrac, áit a raibh sé gníomhach i gciorcail náisiúnacha agus sóisialacha Éireannacha. Comhbhunaitheoir ba ea é ar an ngrúpa sindeacáiteach an Industrial Workers of the World (the Wobblies) agus é ina eagraí i Nua-Eabhrac. Bhí sé ina eagraí náisiúnta chomh maith ar Pháirtí Sóisialach Mheiriceá. I 1907, bhunaigh Ó Conghaile an Irish Socialist Federation agus chuir sé a n-iris The Harp in eagar a bunaíodh i 1908. Fad is a bhí sé i Meiriceá, scríobh sé roinnt dá shaothair is mó aithne orthu, lena n-áirítear Labour in Irish History, a raibh an-tionchar aige ar smaointeoireacht Phádraig Mhic Phiarais, agus a phoileimic cháiliúil, Labour Nationality and Religion, ar foilsíodh an dá cheann díobh i mBaile Átha Cliath i 1910.
Dfhill Ó Conghaile ar Éirinn i 1910 agus doibrigh sé mar eagraí Bhéal Feirste do Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann a bhunaigh Jim Larkin. Bhog sé go Baile Átha Cliath, bhí sé mar thánaiste ag Larkin i rith frithdhúnadh 1913. Nuair a chuaigh Larkin chuig na Stáit Aontaithe i 1914, tháinig Ó Conghaile i gcomharbacht air mar cheannaire ar an ITGWU agus bhí sé ina eagarthóir ar an Irish Worker. Bhí sé in cheannfort chomh maith in Arm Cathartha na hÉireann, a cuireadh le chéile chun oibrithe a chosaint i rith fhrithdhúnta 1913.
Bhí alltacht ar Ó Conghaile nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda i Lúnasa 1914 agus sheol sé feachtas frithearcaíochta. Cheap sé gurb é an réabhlóid an t-aon rogha polaitiúil agus in Eanáir 1916 tháinig sé ar chomhaontú le ceannaireacht Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann le haghaidh comhéirí amach idir Óglaigh na hÉireann agus an ICA, agus ansin comhthoghadh ar Chomhairle Mhíleata an IRB é a bhí bainteach sa réiteach don Éirí Amach. Mar aon le Mac Diarmada agus Ó Pluingcéad, bhí ról ceannasach aige sa réiteach deiridh. Bhí sé freagrach chomh maith, dar ndóigh, as meitheal 200-250 den ICA a bhí ann ar an lá. Bhí ionchur aige le hábhar Fhorógra Phoblacht na Éireann a dhréachtaigh Mac Piarais, go háirithe na gnéithe sóisialacha, feimineacha agus cothromaíocha. Bhí sé ina Leas-Uachtarán ar an Rialtas Sealadach.
I rith an Éirí Amach, bhí Ó Conghaile in Ard-Oifig an Phoist le formhór na mball den Rialtas Sealadach. Mar Cheannfort-Ghinearál ar rannóg Bhaile Átha Cliath dArm Phoblacht na hÉireann, stiúir sé oibríochtaí míleata. Ar an Déardaoin de Sheachtain na Cásca gortaíodh a rúitín go dona taobh amuigh dArd-Oifig an Phoist, ach dfhan sé i gceannas. Tar éis an ghéillte, cúisíodh le triail armchúirte é. Cé go raibh sé gortaithe go dona, cuireadh chun báis le scuad lámhaigh é i bPríosún Chill Mhaighneann ar an 12 Bealtaine. Ba é féin agus Seán Mac Diarmada an bheirt dheireanach a cuireadh chun báis. D'fhág sé a bhean Lillie Reynolds agus a leanaí, a mhac Rory, a thug seirbhís leis in Ard-Oifig an Phoist ina dhiaidh.