Iad Siúd a raibh tionchar acu ar an Éirí Amach
Iad siúd arbh é an cultúr Gaelach a bpríomhchúram
Cusack agus Davin (Cumann Lúthchleas Gael); de hÍde agus Mac Néill (Conradh na Gaeilge); agus Yeats agus an Bhantiarna Gregory (Athbheochan Litríochta na hÉireann) chothaigh na daoine sin an fhéiniúlacht náisiúnta ar chuid thábhachtach é de mhúnlú intleachtach na ndaoine sin a ghlac páirt san Éirí Amach i 1916.
Seachas na daoine a ghlac páirt san Éirí amach féin, ba iad Asquith agus Rialtas na Breataine, Redmond agus Páirtí Parlaiminteach na hÉireann, agus Carson agus Aontachtaithe Uladh ba mhó a raibh baint acu lenar thit amach nuair a bhí cúrsaí ag druidim i dtreo Éirí Amach 1916. Bhí freisin, roinnt mhaith daoine agus eagraíochtaí eile bainteach leis na himeachtaí, amhail Mac Néill agus Óglaigh na hÉireann; daoine a mhol an lámh láidir amhail Hobson agus Devoy, Bráithreachas Phoblacht na hÉireann agus Clan na Gael; Arthur Griffith agus Sinn Féin; Larkin, Ó Conghaile agus gluaiseacht na n-oibrithe; agus Maud Gonne agus eagraíochtaí na mban, lena n-áirítear Inghinidhe na hÉireann agus Cumann na mBan.
Bhí na gluaiseachtaí polaitiúla seo ar fad ámh, ag feidhmiú i gcomhthéacs ina raibh athruithe móra cultúrtha ar bun in Éirinn sa dara leath den naoú haois déag agus ag tús an fichiú haois. I gcaitheamh an naoú haois déag bhí Éire ag éirí an-Ghallda; níorbh í an Ghaeilge teanga thromlach na ndaoine a thuilleadh; ba ar éigean a bhí litríocht na Gaeilge á saothrú, níor chuid lárnach de ghnáthshaol cultúrtha na tíre iad cluichí, caithimh aimsire, ceol ná rincí Gaelacha a thuilleadh ach oiread. Ó na 1880í ar aghaidh áfach, bhí tréaniarracht á déanamh ag glúin de ghníomhaithe chultúir, bfhéidir nár mhiste tírghráthóirí eagnaí a thabhairt orthu, iad ar a ndíchill ag iarraidh an rabharta Gallda seo a chosc agus cultúr traidisiúnta na nGael a chur in airde réime arís.
Ní fhéadfaí na gníomhaithe chultúir seo a lua mar dhream aonchineálach amháin mar ba ann do dhaoine ó gach aicme in Éirinn na linne sin, ina measc bhí lucht Rialtas Dúchais agus Aontachtaithe, Protastúnaigh agus Caitlicigh, agus daoine nár chloígh le haon dearcadh polaitiúil ná creidimh ar leith, ba é an t-aon ní a thug le chéile iad ná gurbh Éireannaigh iad go léir, agus gur theastaigh uathu go mbeadh meas arís ar gach gné de chultúr traidisiúnta na nGael agus go mbeadh sé á chleachtadh arís in Éirinn. Biontach a fheabhas a déirigh leo, tráth a raibh formhór an phobail patuar faoin gcultúr céanna: ní gá ach féachaint ar an líon daoine a thosaigh ar an nGaeilge a fhoghlaim, a chuir spéis sa cheol agus sna rincí Gaelacha, an líon díobh a bhíodh i láthair nó a dimríodh cluichí Gaelacha, nó a bhaineadh sult as dánta agus drámaí le Yeats nó leis an mBantiarna Gregory, lena thuiscint go raibh ag éirí thar barr leis an ngluaiseacht.
Ba é an rud ba mhó a déirigh leo a bhaint amach áfach, ná gur athraigh siad an tsícé náisiúnta: thosaigh na daoine ag smaoineamh ar a bhféiniúlacht mar Éireannaigh agus tháinig fás dá réir ar a mórtas cine. Ghlac siad páirt in eagraíochtaí ina raibh tacaíocht agus spreagadh ann dóibh óna gcomhghleacaithe. Bfhéidir nach aon ionadh é gur spreag an radacú cultúrtha seo radacú polaitiúil i measc mórán díobh: ba mhó anois an cur amach a bhí ag daoine ar a stair náisiúnta agus thosaigh siad ar stádas na hÉireann mar chóilíneacht a bheag ná a mhór a cheistiú. Cén fáth ar cheart dÉireannaigh a bheith sásta le Rialtas Dúchais? Cén fáth nár cheart don tír a bheith ina poblacht neamhspleách?