Iad Siúd a Cuireadh Chun Báis: Liam Mac Piarais
Rugadh Liam (Willie) Mac Piarais (1881-1916), an t-aon deartháir a bhí ag Pádraig Mac Piarais, ag 27 Sráid Brunswick Mór (Sráid an Phiarsaigh anois), Baile Átha Cliath. Ba mhac le James Pearse é, Sasanach a raibh gnó snoíodóireachta cloiche aige, agus a bhean Margaret Brady. Cosúil lena dheartháir Pádraig, d'fhreastail sé ar mheánscoil na mBráithe Críostaí i Rae an Iarthair agus ina dhiaidh sin d'fhreastail sé ar an Scoil Ealaíne Cathrach i Sráid Chill Dara áit a ndearna sé staidéar ar dhealbhóireacht agus ar líníocht. Cosúil le Pádraig, bhí sé gníomhach i gConradh na Gaeilge agus chaith sé an oiread sin dua le foghlaim na Gaeilge go raibh ar a chumas ranganna a thabhairt do chuid de na mic léinn ealaíne a bhí in aon rang leis.
Bhí sé beartaithe go mbeadh Willie ag obair lena athair sa ghnó snoíodóireachta cloiche, ach nuair a cailleadh James Pearse in 1900, ghlac Pádraig seilbh ar an ngnó agus tugadh deis do Willie leanúint leis an staidéar. Thug Pádraig airgead do Willie le leanúint leis an oideachas ealaíne. Thug sé deis do Wille seal a chaitheamh i bPáras agus in South Kensington i Londain. Bhí luí áirithe ag Willie leis an ealaín agus idir 1906-13 tugadh deis dó saothar leis a thaispeáint san Acadamh Ibeirneach Ríoga agus ag taispeántais a reáchtáladh i rith an Oireachtais. Sa Bhliain 1907 bhí saothar leis ar taispeáint ag Taispeántas Idirnáisiúnta na hÉireann. I ndeireadh na dála, ghlac sé seilbh ar an ngnó teaghlaigh, ach bhí sé ag dul i meath le tamaill. Tháinig deireadh leis an ngnó sa bhliain 1910.
Faoin tráth sin, bhí poist teagaisc ag Willie i scoil Phádraig, Scoil Éanna agus a comhscoil, Scoil Íde. Béarla agus ealaín a bhíodh á mhúineadh aige. De réir mar a bhí ról níos gníomhaí ag Pádraig i ngníomhaíochtaí Óglaigh na hÉireann agus Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann, ghlac Willie níos mó freagrachta as an obair riaracháin a bhí le déanamh i Scoil Éanna, agus bhí sé i gceannas ar feadh tréimhsí fada. Bhí an-spéis aige sa drámaíocht amaitéarach agus ghlac sé páirt i roinnt léirithe i Scoil Éanna, ach ní i gconaí a thuill a scileanna aisteoireachta moladh. Bhí an oiread sin spéise sa drámaíocht aige, áfach, gur chinn sé féin agus a deirfiúr Mary Brigid, cuideachta bheag amaitéarach a bhunú, Cumann Stáitse Laighean. Chuir an cumann roinnt léirithe ar stáitse, in Amharclann na Mainistreach i rith 1910-12, agus bhí an phríomhpháirt ag Willie in go leor de na léirithe.
Bhí an-chion ag Willie ar a dheartháir agus de réir mar a d'éirigh Pádraig níos dáiríre faoin bpolaitíocht ón mbliain 1912 ar aghaidh d'éirigh Willie níos dáiríre faoin bpolaitíocht chomh maith. Bhí sé páirteach in Óglaigh na hÉireann ó bunaíodh an eagraíocht i mí na Samhna 1913, agus ainmníodh é mar chaptaen faoi dheireadh na bliana 1915. Faoin am sin freisin bhí sé páirteach le Bráithreachas Phoblacht na hÉireann. Sholáthair sé seirbhísí rúnaíochta agus seirbhísí eile do Phádraig agus tá an chuma ar an scéal go raibh ról lárnach aige sna hullmhúcháin a bhí ar bun don Éirí Amach. Droch-chinneadh a rinne sé, áfach. Nuair a bhíodh doiciméid áirithe á shíniú thar ceann Phádraig aige, thug sé an teideal ceann foirne gníomhach air féin agus seans maith gur chaill sé a bheatha dá bharr sin
I rith an Éirí Amach, bhí Willie Pearse ag feidhmiú mar chaptaen ar an bhfoireann cheanncheathrún in Ard-Oifig an Phoist. Bhí sé i measc ghrúpa Shráid an Mhúraigh a ghéill tráthnóna Dé Sathairn; ba é a d'iompair an bhratach bhán chomh fada leis an bpointe géillte gar do Shéadchomhartha Parnell. Ceapadh nach raibh Willie i measc na n-oifigeach sinsearach a d'ainmneofaí lena gcur chun báis, ach gach seans gur ainmníodh é mar gur deartháir le Pádraig ab ea é. Phléadáil sé ciontach ag a thriail armchúirte, an t-aon duine a cuireadh chun báis a rinne amhlaidh. Mharaigh scuad lámhaigh Liam Mac Piarais ar an Déardaoin, 4 Bealtaine, lá i ndiaidh mhárú a dhearthár.