Poblachtaigh agus Iad Siúd a Rachadh i Muinín na Láimhe Láidre: Maud Gonne MacBride agus Inghinidhe na hÉireann
Bhí páirt ag Maud Gonne san Éirí Amach trí fheasacht pholaitiúil a chothú i measc ban agus trí Inghinidhe na hÉireann a bhunú, ar ghlac roinnt dá mbaill páirt san Éirí Amach. Rugadh Maud Gonne (1866 1953) in Aldershot i ndeisceart Shasana áit a raibh a hathair ina oifigeach airm. Fuair a máthair bás agus Maud Gonne fós ina leanbh. Máistreásaí don chuid ba mhó a thug oideachas di, cuid de sin sa Fhrainc. Bhí cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath ar feadh tréimhse nuair a cuireadh a hathair ar post i gcampa an Churraigh. Ar a bhás siúd nuair a bhí sí sna fichidí luatha, bhí sí neamhspleách ó thaobh airgid de. Taca an ama sin tháinig sí faoi anáil an tSeanfhinín Seán Ó Laoghaire, a thug isteach í sa ghluaiseacht réabhlóideach náisiúnaíoch. Deirtear gurbh é freisin a chuir in aithne don fhile W.B. Yeats í, a dfhan sé faoi gheasa aici don chuid ba mhó dá shaoil, nó dá shaol ar fad bfhéidir, agus a bhí faoi anáil a tuairimí náisiúnaíocha freisin. Chaith sí roinnt blianta sa Fhrainc mar a raibh baint aici leis an bpoblachtachas tráth a raibh sí mór le Lucien Millevoye, ar dhuine de lucht tacaíochta Boulanger é, agus ar saolaíodh beirt leanaí leis di go luath sna 1890í.
In Éirinn arís di, ba dhuine de na ghníomhaígh ba mhó í i mbéal an phobail í agus í gníomhach ar son an náisiúnachais, an tsóisialachais agus an fheimineachais. Ghlac sí páirt mhór i gcur i gcoinne díshealbhaithe agus i bhfaoiseamh gorta a sholáthar i gcontae Dhún na nGall agus Mhaigh Eo sna 1890í. Ghlac sí páirt freisin sna hagóidí a bhain le comóradh Iubhaile na Banríona Victeoiria i 1897 agus cuairt an Rí Éadbhaird VII i 1903. Gníomhaíocht ad hoc agus neamhdhírithe áfach a bhí i gcuid mhaith dá raibh ar siúl aici: bhí an chuma ar an scéal gur spreag naimhdeas dá tír dhúchais féin í agus nach raibh aon straitéis dhearfach aici chun cúis na hÉireann a chur chun cinn.
Ba é an tionchar ba mhó a d'imir Maud Gonne ar chúrsaí na linne gur bhunaigh sí Inghinidhe na hÉireann in Aibreán 1900. Eagraíocht do mhná amháin ab ea í a raibh Naomh Bríd mar éarlamh uirthi. Clár polaitiúil, sóisialta agus feimineach a bhí acu: bhí siad i gcoinne Pháirtí Pairliminteach na hÉireann agus an Rialtais Dúchais agus i bhfabhar an neamhspleáchais iomláin, ach thug tacaíocht don ghluaiseacht ar son Éireann Gaelaí, coincheap an fhéintuilleamaí a mhol Sinn Féin, béiltí saor in aisce sna scoileanna agus cearta vótála do mhná. Deagraigh siad cláir ghníomhaíochtaí cultúir a bhí iomlán Gaelach agus chuir an fhéiniúlacht náisiúnta chun cinn. Ó 1908 i leith dfhoilsigh siad Bean na hÉireann, iris náisiúnaíoch do mhná. I 1904 tugadh Inghinidhe na hÉireann isteach i gCumann na mBan, brainse na mban dÓglaigh na hÉireann, cé gur roghnaigh roinnt díobh, ar bhaill ceardchumann iad, dul isteach in Arm Cathartha na hÉireann. Lena linn, chabhraigh Inghinidhe na hÉireann le suim sa pholaitíocht a spreagadh i measc glúin ban in Éirinn, ar ghlac an-chuid díobh páirt in Éirí Amach 1916.
I 1901, thug Maud Gonne faoi chamchuairt léachta ar na Stáit Aontaithe leis an Maor John MacBride, a deagraigh Briogáid na hÉireann agus a throid ar thaobh na mBórach san Afraic Theas. Phós siad i 1903. Ba Chaitliceach Rómhánach é MacBride agus thiontaigh Gonne chuig a chreideamh sular phós siad. Nuair a theip ar an bpósadh, lonnaigh sí i bPáras áit ar lean sí ag scríobh alt in Bean na hÉireann agus chuir sí an bhileog nuachta LIrlande Libre in eagar, agus sa dá fhoilseachán mhol sí lámh láidir a úsáid chun neamhspleáchas náisiúnta a bhaint amach. Ní raibh aon pháirt dhíreach aici in Éirí Amach 1916. Níor lonnaigh sí in Éirinn arís go dtí 1917, agus faoin am sin bhí John MacBride curtha chun báis mar gheall ar a rannpháirtíocht san Éirí Amach.