An tÉirí Amach ó lá go lá
Sna seachtainí roimh an Éirí Amach, caithfidh go raibh a fhios ag na baill is dóchasaí den Chomhairle Mhíleata fiú go raibh an seans go n-éireodh léi an-bheag ar fad. I mBaile Átha Cliath, ní raibh ach 3,000 duine i bhfórsaí Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann le chéile agus ní raibh os cionn 10-12,000 i líon Óglaigh na hÉireann sa tír ina hiomláine. Leis na líonta beaga sin agus gan ach beagán airm acu - fiú dá má rud é go bhfuarthas gunnaí Gearmánacha Casement - ní thiocfadh leo a bheith ag súil go mbeadh a bhfórsaí in ann an lámh in uachtar a fháil ar fhórsaí arm na Breataine lena líonta, lena meaisínghunnaí agus lena gunnaí móra a bhí beagnach gan teorainn.
A luaithe is a tuairiscíodh gur cailleadh na hairm ón Ghearmáin, caithfidh go ndeachaigh dóchas ar bith go n-éireodh leo i léig. Ina theannta sin, cibé seans a bhí fágtha chuir freasordú Mhic Néill ó rath é. Agus an dá thubaiste sin os a gcomhair, caithfidh gur thuig na sínitheoirí a raibh i ndán dóibh: is cosúil go raibh siad ag súil anois go mbeadh luach siombalach leis an Éirí Amach agus lena mairtíreacht phearsanta agus go gcuirfeadh sé náire ar náisiúnaigh na hÉireann is go ndéanfaidís athmheasúnú ar a gcinniúint.
Ba í an straitéis seilbh a ghabháil ar líon suíomh inchosanta i mBaile Átha Cliath agus fanacht iontu go dtí go raibh éirí amach ghinearálta ar siúl ag Óglaigh na hÉireann ar fud na tíre. Bhí an dóchas ann fosta go dtiocfadh roinnt de na hÓglaigh Náisiúnta (dfhéadfadh thart ar 150,000 duine a bheith i gceist ansin) chun tacaíocht a thabhairt. Lena chois sin, bhíothas ag súil go lainseálfadh an Ghearmáin ionsaí meabhail ar an Mór-Roinn agus go bhféadfadh sí tacaíocht chabhlaigh a thabhairt. Mar a tharla sé, seachas na líonta measartha beaga in áiteanna i Loch Garman agus i nGaillimh, bhí Óglaigh na hÉireann umhal dfhreasordú Mhic Néill agus dfhan siad sa bhaile, agus níor tháinig duine ar bith de na hÓglaigh Náisiúnta amach ach an oiread. I mBaile Átha Cliath, is cosúil gur tháinig thart ar 1,400 i láthair ar an iomlán, in a measc siúd bhí Óglaigh na hÉireann, Arm Cathartha na hÉireann, Cumann na mBan agus 30 Raidhfil Ibeirneach, fórsa ina raibh baill de chuid Ord Ársa na nIbeirneach.
Tá a lán íomhánna sna rannáin seo a leanas ina dtaispeántar gnéithe éagsúla den coimhlint. Gné amháin nach bhfuil le feiceáil sna íomhánna atá ar fáil sa Leabharlann Náisiúnta áfach, ná an slad daonna a d'fhág an tÉirí Amach ina dhiaidh. Tá neart íomhánna den scrios a rinneadh ar fhoirgnimh, ach níl ann dá leithéid i gcás na coirp, na saolta, agus na teaghlaigh a scriosadh. Tá an t-easnamh seo sa cháipéisíocht chomh mór sin gur gá aird a tharraingt air. Maraíodh os cionn 400 duine agus gortaíodh giota maith os cionn 1,000 duine, an chuid is mó acu - mar a bhíonn nach mór i gcónaí in achrann dá leithead - ina sibhialtaigh. Ach ní raibh íomhánna ar bith ann de na coirp mharaithe nó chorraithe, a bheadh ina ngnéithe ollmhóra den radharc ag an am. B'fhiú an t-easnamh suntasach seo san fhianaise sa chur i láthair ar líne seo a choinneáil ar intinn nuair a bhreathnaítear ar ghnéithe ar leith eile den Éirí Amach.