Monarcha Brioscaí Jacob’s
Ghabh an Dara Cathlán faoi cheannas an Cheannfoirt Tomás Mac Donnchadha seilbh ar mhonarcha brioscaí Jacobs ar Shráid an Easpaig, beagnach míle ó dheas ó Ard-Oifig an Phoist. Ba é an Maor John MacBride a leascheannasaí agus ba é Michael OHanrahan a leascheannasaí siúd. I measc na ndaoine eile a bhí sa gharastún seo, bhí Gerald Boland, Michael Hayes agus Peadar Kearney, an fear a scríobh liricí an amhráin náisiúnta, 'Amhrán na bhFiann'.
Struchtúr ollmhór triantánach a bhí san fhoirgneamh seo a líon an chuid is mó den limistéar idir Sráid Pheadair agus Sráid an Easpaig. Bhí sé deacair ionsaí a dhéanamh ar an áit mar go raibh sráideanna agus tithe beaga ar fud na háite a chuirfeadh bac ar úsáid airtléire. Bhí dhá thúr arda ann a raibh radharc ar chuid mhaith den chathair uathu. Bhí thart ar 130-150 fear i dteannta le Mac Donnchadha, mar aon le roinnt ball d'Fhianna Éireann agus de Chumann na mBan. Chuir sé fir ar post i Sráid Camden, Sráid Loch Garman, Sráid Aungier agus sráideanna eile sa cheantar sin, rud a d'fhág nach gan dua a dhéanfadh an t-arm ionsaí ar mhonarcha Jacob's.
Cúpla uair an chloig i ndiaidh dóibh an garastún a chur ann, chuir fir de chuid Mhic Dhonnchadha a bhí lonnaithe i Sráid Loch Garman agus i Sráid Camden ruaigh ar chomplacht airm a bhí ag taisteal ó Bheairic Portobello le tacú leis an ngarastún i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin, ba é an príomhchúram a bhí ar gharastún Jacobs naoscaireacht a dhéanamh ar Bheairic Portobello agus ar shuímh mhíleata eile a bhí le feiceáil ón dá thúr. Ní dhearnadh ionsaí ar Jacobs mar gur chinn an Ginearál Lowe díriú ar Ard-Oifig an Phoist agus ar na Ceithre Cúirteanna mar gur mheas sé gurb iad sin na suíomhanna ba thábhachtaí, ó thaobh straitéise de, a bhí i seilbh na gceannairceach.
Ní dheachaigh an scéala faoin ghéilleadh chomh fada le Jacobs go dtí go raibh an Domhnach ann. Ghéill Mac Donnchadha agus an garastún go drogallach. Cuireadh an triúr oifigeach ba shinsearaí, Mac Donnchadha, MacBride agus OHanrahan, chun báis.