Éamonn Ceannt, ball de Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann agus ceannfort ar an 4ú Chathlán d'Óglaigh na hÉireann.
Rugadh Éamonn Ceannt (1881-1916) mar Edward Thomas Kent i mbeairic na bpóilíní ag Béal Átha Mó, Co. na Gaillimhe, mac le James Kent, oifigeach i gConstáblacht Ríoga na hÉireann, agus a bhean, Joanne Galway. Aistríodh James Kent chuig Baile Átha Fhirdhia, Co. Lú, áit ar fhreastal Éamonn ar scoil náisiúnta De La Salle, bhí sé ina fhreastalaí Aifrinn agus bhí sé ina Chaitliceach cráifeach ar feadh a shaoil. Ansin, bhog an teaghlach chuig Droichead Átha, áit ar fhreastal sé ar scoil na mBráithre Críostaí ag Geata Rí an Domhnaigh. Ar deireadh, nuair a dimigh a athair ar scor i 1892, shocraigh an teaghlach i mBaile Átha Cliath, áit ar fhreastal Éamonn ar Scoileanna Uí Chonaill ar Shráid Richmond Thuaidh a bhí á rith ag na Bráithre Críostaí, agus an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Déirigh leis post a fháil le Bardas Bhaile Átha Cliath i rannóg na rátaí agus níos déanaí in oifig cistíochta na cathrach.
Bhí an-suim ag Éamonn i ngníomhaíochtaí cultúir na hÉireann, go háirithe an ceol. I 1899, ghlac sé ballraíocht i gConradh na Gaeilge, áit ar chas sé le Pádraig Mac Piarais agus Eoin Mac Néill. Shealbhaigh sé an Ghaeilge agus ghlac sé leis an leagan Gaeilge dá ainm agus sin a tugadh air as sin amach. Mhúin sé Gaeilge go páirtaimseartha ag brainsí éagsúla de chuid Chonradh na Gaeilge, agus bhain sé cáil amach mar mhúinteoir inspioráideach. Sheinn sé roinnt uirlisí ceoil, agus biad an chruit Ghaelach agus na píobaí uillinn ab ansa leis. I bhFeabhra 1900, bhunaigh sé féin agus Edward Martyn Cumann Píobairí Bhaile Átha Cliath, ar a raibh sé ina rúnaí. Déirigh leis clóphreas a fháil chun an t-iris, An Píobaire a phriontáil, a dearadh chun an club a chur chun cinn. Chonacthas an chéad eagrán an 5 Iúil 1901. Fad is a bhí grúpa lúthchleasaithe á thabhairt go dtí an Róimh aige i 1908, sheinn sé ar na píobaí uillinn don Phápa Pius X.
Bhí comhbhá sóisialach ag Ceannt agus bhí sé páirteach i gceardchumannú a chomhoibrithe mBardas Bhaile Átha Cliath, áit a raibh sé ina chathaoirleach ar deireadh ar Chumann Oifigeach Bhardasach Bhaile Átha Cliath. Ba é an chéad bhaint mhór a bhí aige i bpolaitíocht náisiúnta áfach, i 1907 nuair a chuaigh sé isteach i bpáirtí polaitiúil nua Arthur Griffith, Sinn Féin, a bhí i gcoinne an Rialtais Dhúchais, a chur chun cinn coincheap an fhéintuilleamaíocht náisiúnta, agus a bhí dírithe ar neamhspleáchas náisiúnta; ar deireadh toghadh ar chomhairle náisiúnta Shinn Féin é. Is cosúil gur chuir Seán Mac Diarmada faoi mhóid é i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann an 12 Nollaig 1912. Nuair a bunaíodh Óglaigh na hÉireann i Samhain 1913, toghadh é ar an gcoiste sealadach, agus bhí sé páirteach in airgead a bhailiú chun airm a fháil; bhí sé i láthair nuair a tugadh isteach iad chuig Binn Éadair agus Cill Chomhghaill.
Tar éis dÓglaigh na hÉireann tarraingt amach faoi Redmond, toghadh Ceannt, an Piarsach agus Ó Pluingcéad chuig poist thábhachtacha in Óglaigh na hÉireann, rud a thug smacht dóibh. Anuas air sin, ceapadh Ceannt ina cheannfort ar an 4ú Chathlán de Bhriogáid Bhaile Átha Cliath i Márta 1915. Go gairid ina dhiaidh sin, comhthoghadh ar Chomhairle Mhíleata an IRB é. Reáchtáladh go leor de chruinnithe de chuid na Comhairle Míleata ina theach sa Charnán.
Ar Luain Cásca 1916, ghabh Ceannt agus 120 fear a tháinig ar dualgas i 4ú Chathlán dÓglaigh na hÉireann, Aontas Bhaile Átha Cliath Theas, teach oibre/ospidéal scaipthe thar dhá acra is caoga ar Shráid San Séamas agus roinnt foirgneamh clúdaithe. Choinnigh siad cuid den ionad go dtí gur dúradh leo faoin ngéilleadh ginearálta an Domhnach ina dhiaidh sin.
Cuireadh Ceannt ar thriail agus cuireadh chun báis é le scuad lámhaigh i bPríosún Chill Mhaighneann ar an 8 Bealtaine. I measc a ghaolta a bhí fágtha ina dhiaidh bhí a bhean Áine OBrennan, a mhac óg Rónán, a dheartháir William, maorsháirsint bhratach i bhFiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath (arm na Breataine) a bhí lonnaithe i Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí.