Go up one level
Dé Domhnaigh, an 30 Aibreán
Cuireadh an scéala faoin ngéilleadh in iúl do na suímh ar fad a raibh an fód fós á sheasamh acu, lena n-áirítear Aontas Bhaile Átha Cliath Theas, monarcha Brioscaí Jacob, Coláiste Ríoga na Máinlianna agus Bácús Boland go príomha agus ghéill siad ar fad go drogallach. Dhírigh na póilíní agus an t-arm a n-aird ansin ar na daoine a raibh amhras fúthu maidir le bheith bainteach go díreach nó go hindíreach leis an Éirí Amach a ghabháil. Gabhadh thart 3,500 duine ar an iomlán ar fud na tíre, agus imtheorannaíodh thart ar 2,000 duine díobh siúd.