Inis Córthaidh, Co. Loch Garman
Bhí roinnt mhaith éiginnteachta i gCo. Loch Garman, mar gheall ar theachtaireachtaí contrártha a bhí ag teacht ó Bhaile Átha Cliath, maidir le cibé an dtarlódh an tÉirí Amach. nó nach dtarlódh. I ndeireadh na dála, go luath ar Luan Cásca, chuir Jennie Wyse-Power, Uasal, ball de Chumann na mBan, teachtaireacht ón bPiarsach in iúl go dtarlódh an tÉirí Amach an lá sin; i rith na hoíche fuarthas scéala go raibh an tÉirí Amach ar bun.
Ar an gCéadaoin, fuarthas teachtaireacht ó Shéamas Ó Conghaile ag iarraidh go gcoinneodh Óglaigh Inis Córthaidh smacht ar an líne iarnróid ó Ros Láir chun cosc a chur ar fhórsaí breise ón mBreatain dul chomh fada le Baile Átha Cliath. Ar an Déardaoin, ghlac Óglaigh Inis Córthaidh i gcomhar le grúpaí ó cheantair eile seilbh ar Inis Córthaidh. Bunaíodh ceanncheathrú san Ataenaem, suíomh láidir taobh leis an gcaisleán. Chabhraigh baill d'Fhianna Éireann agus de Chumann na mBan leis na hÓglaigh. Ba é an Ceannfort Briogáide Robert Brennan an t-oifigeach a bhí i gceannas. Ghlac na hÓglaigh seilbh ar an mbaile agus bhlocáil siad na bóithre agus an líne iarnróid. Bhailigh siad mórthimpeall ar bheairic Chonstáblacht Ríoga na hÉireann agus scaoil siad leis na póilíní; ní dhearna siad iarracht seilbh a ghabháil ar an mbeairic áfach, mar gur chreid siad go ngéillfeadh Constáblacht Ríoga na hÉireann tar éis tamaill. Idir an dá linn, ghabh fórsa a bhí faoi cheannas an Chaptaein Paul Galligan seilbh ar Fhearna agus ar chuid de thuaisceart an chontae.
Ar an Sathairn tháinig an scéala faoin ngéilleadh i mBaile Átha Cliath chomh fada le Inis Córthaidh. D'éiligh na hÓglaigh go ndeimhneofaí gurbh fhíor don ghéilleadh: an lá dár gcionn, agus iad faoi thionlacan arm na Breataine, chuaigh an Captaen Seamus Doyle agus an Captaen Seán R. Etchingham go Baile Átha Cliath chun labhairt leis an bPiarsach i gCnoc an Arbhair. Ar an Luan, an 1 Bealtaine, ghéill Óglaigh Inis Córthaidh gan choinníoll. Gearradh pionós an bháis ar roinnt oifigeach, ach laghdaíodh a bpianbhreitheanna uile.