Ábhar a Ordú
Leabharlann tagartha is ea Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Ní féidir na bailiúcháin atá againn a ghlacadh ar iasacht ach is féidir breathnú orthu sna seomraí léitheoireachta.
Teastóidh ticéad léitheora uait le dul isteach chuig na seomraí léitheoireachta.
- Ba chóir gach ábhar a ordú roimh réidh leis an bhfoirm ordaithe ar líne.
- Déantar an t-ábhar a sheachadadh dhá uair sa lá (Luan go hAoine), ar 9.30am agus ar 2pm, sa Phríomhsheomra Léitheoireachta agus i Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní.
- Má ordaíonn duine ábhar faoi 11am sa Phríomhsheomra Léitheoireachta, beidh an t-ábhar sin ar fáil ar an lá céanna ón 2pm.
- Ar an Satharn, bíonn dhá sheachadadh ábhair go dtí an Príomhsheomra Léitheoireachta, ar 9.30am agus ar 11am, agus seachadadh amháin chuig Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní ar 9.30am.
- Is féidir le duine suas le hocht mír a ordú i ngach seachadadh.
- Más rud é go bhfuil an t-ábhar digitithe, ní féidir ach breathnú air ar líne. Ní eiseofar bunchóip.
Lámhscríbhinní
Tá sé casta in amanna ábhar a ordú ó bhailiúchán na lámhscríbhinní. Féadfaidh gairmuimhreacha a bheith ag tagairt do mhír amháin nó imleabhar amháin, bailiúchán fillteán nó moll mór boscaí. Déan teagmháil le mqueries@nli.ie má bhíonn cuidiú de dhíth ort agus tú ag iarraidh ábhar a ordú nó má bhíonn tú ag iarraidh do rogha a chúngú.
Priontaí, Líníochtaí agus Earraí Inbhailithe
Tá seirbhís theoranta ar fáil agus caithfear coinní a chur in áirithe ar a laghad trí seachtaine roimh ré. Ba cheart gach ceist a bhaineann le Priontaí & Líníochtaí agus Bailiúcháin Earraí Inbhailithe agus rochtain léitheora a sheoladh chuig prints&drawings@nli.ie.
Tá breis agus 22,000 mír ó na bailiúcháin seo digitithe agus ar fáil ar líne.
Grianghraif
Tá corradh le 67,000 mír ó Bhailiúcháin na nGrianghraf digitithe agus fáil orthu ar líne. I gcás grianghraif nach bhfuil digitithe fós, is gá coinne a dhéanamh le breathnú orthu sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta i mBarra an Teampaill.
Cuir ríomhphost chuig npaoffice@nli.ie le coinne a shocrú.