Do Leabharlannaithe
Tá sé mar aidhm againn i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann faisnéis ar an ábhar uile a fhoilsítear in Éirinn a chur ar fáil do leabharlanna eile.
Cuireann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann na seirbhísí seo a leanas ar fáil do leabharlanna:
Taifead den Fhoilsitheoireacht Éireannach
Tá dhá bhealach ann le teacht ar an bhfaisnéis seo.
1) Cuireann NLI liosta ar fáil de leabhair a foilsíodh in Éirinn agus a fuarthas faoi Thaisce Dhlíthiúil.
Seo thíos na liostaí do na trí bliana féilire atá imithe tharainn ar féidir iad a íoslódáil. Tá liosta ráithiúil ann chomh maith don bhliain reatha ina dtugtar na foilseacháin Éireannacha is nuaí atá faighte ag an bhfoireann fála.
- Tuarascáil ar Shaothair a Fuarthas tríd an Taisce Dhlíthiúil, 2021 [.pdf] 1MB
- Tuarascáil ar Shaothair a Fuarthas tríd an Taisce Dhlíthiúil, 2020 [.pdf] 612KB
- Tuarascáil ar Shaothair a Fuarthas tríd an Taisce Dhlíthiúil, 2019 [.pdf] 1MB
2) Tugtar an rogha inár gcatalóg ar líne cuardach a dhéanamh de réir foilsitheora agus cuardaigh a chúngú de réir dáta. Ar a bharr sin, toradh a bhíonn ar pholasaí NLI ábhar a bhailiú a bhfuil spéis Éireannach ag baint leis ach a fhoilsítear taobh amuigh d’Éirinn ná gur treoir iontach áisiúil atá sa chatalóg ar líne i dtaca le hábhar Éireannach.
Rochtain a dhéanamh ar thaifid na catalóige
Tá NLI tiomanta ó thaobh catalógú a dhéanamh ar an ábhar foilsithe ar fad (sraitheacháin san áireamh) a thagann chun na leabharlainne faoi bhun na reachtaíochta um thaisce dhlíthiúil. Bheadh an chatalóg mar áis úsáideach ansin ag leabharlanna eile ós rud é go bhféadfaí prótacal Z39.50 a úsáid chun na taifid seo a íoslódáil agus iad curtha ar fáil ar chatalóg ar líne NLI.
Ní féidir Z39.50 a úsáid chun rochtain a dhéanamh ar thaifid chatalóige NLI faoi láthair. Táimid ag obair le mbeidh rochtain orthu go gairid.
Tugtar ar aire gur féidir taifid aonair a íoslódáil i bhformáid MARC ach cliceáil ar Easpórtáil an Taifead seo (ar bharr gach taifid ar dheis) ar aon mhír inár gcatalóg phoiblí ar catalogue.nli.ie.
Iasachtaí Taispeántas
Tugann NLI míreanna ónár mbailiúcháin ar iasacht do leabharlanna eile lena n-úsáid i dtaispeántais. Má theastaíonn sonraí uait faoin gcaoi le hábhar a iarraidh, féach Ábhair ar Iasacht ónár mBailiúchán.
Taispeántais taistil
Tá fás ag teacht ar líon na dtaispeántas ó NLI atáimid ag cur ar fáil do leabharlanna agus forais shibhialta eile. Leagan amach a oireann don taisteal atá ann. Le tuilleadh eolais a fháil maidir le ceann dár dtaispeántais a chur i láthair in bhur n-ionad féin, déan teagmháil le learning@nli.ie.