Grianghraif
Tá os cionn cúig mhilliún grianghraf i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, ar taifead fíorluachmhar iad de stair agus de chultúr na hÉireann ó na 1840idí go dtí an lá atá inniu ann.
Áirítear sa bhailiúchán saothar a théann siar go dtí an ghrianghrafadóireacht is luaithe ar an oileán, trí shaothar stiúideonna tráchtála sa 19ú agus sa 20ú haois, go dtí cartlanna ollmhóra fóta-iriseoireachta, chomh maith le bailiúcháin faoi théamaí a tugann taifead ar ábhair shonracha.
Rochtain
Tá go leor grianghraf inár mbailiúchán digitithe agus is féidir teacht orthu trínár gcatalóg ar líne.
Tá bailiúchán grianghraf NLI le fáil sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta. Is trí choinne amháin a dtabharfar rochtain air do thaighdeoirí a bhfuil ticéad léitheora bailí acu. Déan teagmháil le npaoffice@nli.ie roimh ré.
Bailiúcháin stiúideo
- Bailiúchán Lawrence (1870idí-1914): thart ar 40,000 claonchló pláta gloine topagrafach. Is bailiúchán é seo a bhfuil an-tóir air ó fuair NLI é i 1943. Rinneadh na híomhánna ar bhonn tráchtála agus taispeánann siad radharcanna ar fud na hÉireann. Creidtear gur aon ghrianghrafadóir amháin, Robert French, a ghlac go leor de na híomhánna.
- Bailiúchán Poole (1884-1954): os cionn 50,000 pláta gloine, a bhfuil portráidí stiúideo de dhaoine as Port Láirge ar go leor díobh, agus léiriú ar shaol sóisialta agus eacnamaíoch an cheantair ar chinn eile. D’oibrigh gnólacht teaghlaigh A.H. Poole mar ghrianghrafadóirí tráchtála i bPort Láirge ar feadh na mblianta.
- Bailiúchán Keogh (1915-1930): 445 pláta gloine a ghlac na Deartháireacha Keogh as Sráid Dorset, Baile Átha Cliath idir 1915-1930, lena n-áirítear grianghraif de lucht polaitíochta agus imeachtaí suntasacha i stair na hÉireann le linn na tréimhse sin.
Bailiúcháin chomhaimseartha de chuid na hÉireann
- Bailiúchán Grianghraf Christopher Robson (1992-2002): taifead ar shaol lucht LADTI+ le linn na tréimhse.
- Bailiúchán Grianghraf Ár nÁit Féin (1990-1991): grianghraif ó bhaill de chumainn staire ar fud na hÉireann.
Tá bailiúcháin de ghrianghraif chomhaimseartha de Thuaisceart Éireann ann freisin a ghlac grianghrafadóirí éagsúla idir 1970-2022 lena n-áirítear William L Rukeyser, Colman Doyle, Henning Christoph, agus George V Scott.