Ticéad Léitheora
Tá fáilte roimh aon duine atá os cionn 16 bliana d’aois cur isteach ar thicéad léitheora de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
An próiseas iarratais
Tá ticéad léitheora bailí ar feadh trí bliana agus tugann sé rochtain do léitheoirí ar gach seomra léitheoireachta agus ar an Seomra Staire Teaghlaigh.
Is féidir iarratas a dhéanamh ar thicéad léitheora roimh ré trínár bhfoirm iarratais ar líne.
Nuair a fhaighimid d’iarratas seolfaimid nasc deimhnithe chugat trí ríomhphost. Ní bheidh an chéim seo de do chlárú críochnaithe go dtí go ngníomhóidh tú an nasc. Nuair a bheidh sé gníomhachtaithe, rachaidh ball foirne i dteagmháil leat laistigh de lá oibre amháin le huimhir do thicéid, agus beidh tú in ann do thicéad a bhailiú ansin in oifig na dticéad léitheora sa phríomhfhoirgneamh.
Tabhair do d’aire: Chun d’aitheantas a fhíorú agus ticéad léitheora a chur ar fáil duit, ní mór duit aitheantas fótagrafach reatha a thabhairt leat. Áirítear le foirmeacha inghlactha aitheantais pas, ceadúnas tiomána, cárta mic léinn, cárta leasa shóisialaigh, pas taistil, agus aitheantas fostaíochta.
Mura bhfuil rochtain agat ar ríomhphost, is féidir clárú go pearsanta ag oifig na dticéad léitheora.
Uaireanta oscailte Oifig na dTicéad Léitheora.
Do thicéad léitheora a athnuachan
Má chuaigh do thicéad in éag níos mó ná trí bliana ó shin, beidh ort iarratas a dhéanamh ar thicéad nua. Níl cead againn faisnéis phearsanta a choinneáil ar feadh níos mó ná trí bliana, mar gheall ar ár n-oibleagáidí um chosaint sonraí (RGCS).
Féadfaidh tú do thicéad a athnuachan ag oifig na dticéad léitheora. Tabhair leat do thicéad léitheora is déanaí. Má chuaigh an ticéad in éag níos mó ná 12 mhí ó shin, beidh ort foirm aitheantais fótagrafach a chur ar fáil.
Ticéid chaillte
Má chailleann tú do thicéad léitheora, beidh ort iarratas a dhéanamh ar thicéad nua in oifig na dticéad léitheora. Tabhair leat foirm aitheantais fótagrafach.
Téarmaí agus coinníollacha úsáide
Bíodh eolas agat ar na doiciméid seo mar gheall go n-iarrfar ort a chur in iúl go n-aontaíonn tú cloí leis na téarmaí agus coinníollacha mar chuid den phróiseas iarratais ar thicéad: