Cuir Ceist ar Leabharlannaí

Tá eolas faoi na bailiúcháin atá againn ar fáil ó sheirbhís fiosraithe tagartha Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Beidh ball den fhoireann in ann comhairle a chur ort faoin dóigh le catalóga agus acmhainní NLI a úsáid mar áis i do chuid taighde. Má tharlaíonn nach mbímidne in ann an cheist atá agat a fhreagairt, déanfaimid thú a threorú chuig leabharlanna agus cartlanna eile a bheadh ábalta cuidiú breise a thabhairt duit.
Sula gcuirfidh tú ceist isteach, féach na codanna seo de láithreán gréasáin na Leabharlainne ar eagla go mbeadh freagra na ceiste ansin:
- Déan an Chatalóg ar Líne a chuardach le haghaidh na n-ábhar atá uait
- Féach Ábhar a Ordú le treoir a fháil faoin tslí le hábhar a ordú le go mbeidh tú in ann breathnú air sna seomraí léitheoireachta
- Féach Cuairt le heolas a fháil maidir le cuairt a thabhairt ar fhoirgnimh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
- Féach Stair Theaghlaigh le heolas a fháil faoin gcaoi le taighde a dhéanamh ar stair do mhuintire