Sraitheacháin
Téann bailiúchán sraitheachán Leabharlann Náisiúnta na hÉireann siar go dtí an 18ú haois. Aistríodh na sraitheacháin ó Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath agus cuireadh leo nuair a tugadh bailiúchán pearsanta an Dr. Jaspar Robert Joly mar bhronntanas.
Mar Leabharlann Taisce Dhlíthiúil, faighimid cóip de gach sraitheachán a fhoilsítear i bPoblacht na hÉireann ar bhonn laethúil, seachtainiúil nó míosúil. Ceannaímid sraitheacháin ó Thuaisceart Éireann, nó bronntar orainn iad, agus ceannaímid sraitheacháin idirnáisiúnta áirithe eile ar díol spéise Éireannach iad.
Bailímid tuarascálacha bliantúla, eolairí, irisí, nuachtlitreacha, bliainirisí, irisí scolártha agus sraitheacháin bheaga arna bhfoilsiú ag grúpaí mionlaigh agus sainspéise. Bailímid foilseacháin leictreonacha freisin.
Cabhraíonn ár ról mar lárionad ISSN na hÉireann linn sraitheacháin Éireannacha nua a shainaithint lena mbailiú. Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig Seirbhísí i gcomhair Foilsitheoirí.
Rochtain
Is féidir le léitheoirí cláraithe sraitheacháin a ordú ionas go mbeifear in ann breathnú orthu sa Phríomhsheomra Léitheoireachta. Coinnítear na sraitheacháin is mó tóir ar an láthair ach coinnítear go leor sraitheachán i stóras lasmuigh den láthair agus ní mór iad a ordú seachtain roimh ré. Is féidir leabhair a ordú ach úsáid a bhaint as an bhfoirm ordaithe ar líne. Is féidir bailiúchán na sraitheachán a chuardach tríd an gcatalóg ar líne.
Tá roinnt sraitheacháin Ghaeilge digitithe agus tá fáil orthu trí shíntiús ríomh-Acmhainní, atá ar fáil saor in aisce do léitheoirí cláraithe inár seomraí léitheoireachta go léir.
Beidh ticéad léitheora ag teastáil uait chun dul isteach sna seomraí léitheoireachta. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar thicéad anseo.