Taighde Breise
Seo thíos roinnt acmhainní breise chun stair do theaghlaigh a fhiosrú.
Ba sa bhliain 1864 a thosaigh an Stát ag clárú na mbreitheanna, na bpóstaí agus na mbásanna go léir ar fud na hÉireann. Tosaíodh ag clárú póstaí neamh-Chaitliceacha sa bhliain 1845. Sa láithreán gréasáin saor in aisce www.irishgenealogy.ie, tá fáil ar innéacs na dtaifead clárúcháin shibhialta agus ar íomhánna de theastais.
I measc na dtaifead tá:
- Breitheanna, innéacs agus íomhánna: 1864-1923
- Póstaí, innéacs agus íomhánna: 1845-1948 (póstaí Caitliceacha, 1864-1948)
- Básanna, innéacs: 1864-1973, íomhánna: 1871-1973
Is féidir féachaint ar innéacs na gclárúchán sibhialta ar bhreitheanna ón tréimhse 1922-1958 agus ar phóstaí ón tréimhse 1947-1958 ag Find My Past.
Thosaigh an Stát ag clárú breitheanna, póstaí agus básanna i dTuaisceart Éireann sa bhliain 1922.
Tuilleadh Nasc
Foinse ríthábhachtach i gcomhair an taighde ar stair theaghlaigh in Éirinn is ea na cláir pharóiste ina bhfuil taifead ar bhaistí, póstaí agus básanna.
Is féidir teacht ar chláir na bparóistí Caitliceacha saor in aisce ar láithreán gréasáin de chuid na Leabharlainne Náisiúnta, Cláir na bParóistí Caitliceacha.
Is de réir paróiste agus dáta a eagraítear na taifid thábhachtacha sin.
Sa chás nach fios cén paróiste inar rugadh duine nó nach fios an dáta breithe, tá cuardach ainm ar fáil trí chlárú le haghaidh cuntas saor in aisce le láithreáin ghréasáin síntiúis, agus Find My Past, Ancestry, agus Family Search ina measc.
I gcomhair faisnéis maidir le taifid nach de chuid na heaglaise Caitlicí iad, féach na Naisc Bhreise thíos.
Tuilleadh Nasc
Is é Daonáireamh na hÉireann an suirbhé is mó agus is tábhachtaí ar dhaoine a raibh nó a bhfuil cónaí orthu in Éirinn. Is í Cartlann Náisiúnta na hÉireann a choinníonn na taifid daonáirimh.
Tá fáil ag an bpobal ar na taifid iomlána i leith na mblianta 1901 agus 1911 agus is féidir iadsan a chuardach ar líne.
Tá blúirí de na daonáirimh ó 1821 go 1891 ar fáil ar líne ó Chartlann Náisiúnta na hÉireann agus ó Mhaoinchiste Annála Samhalta na hÉireann.
Is annamh a fhaightear sleachta as taifid daonáirimh ón naoú haois déag ach d’fhéadfadh liostaí a bheith iontu de na daoine go léir a bhfuil sloinne coitianta orthu i mbaile nó i mbaile fearainn i mbliain daonáirimh áirithe.
Tríd is tríd, is teoranta an luach a bhíonn ag achoimrí staitistiúla ar phobail don té a bhíonn ag plé le stair theaghlaigh, ach tugtar forléargas úsáideach iontu ar athruithe a tháinig ar an daonra de bharr rátaí imirce, rátaí torthúlachta agus rátaí báis.
Cuardaigh catalóg ar líne NLI le haghaidh sleachta as daonáirimh agus achoimrí ar dhaonáirimh.
Tuilleadh Nasc
Bíonn tráchtaireacht chomhaimseartha sna nuachtáin ar ócáidí móra i saol polaitiúil, reiligiúnach, spóirt agus cultúrtha an náisiúin. Is mórfhoinse eolais iad freisin ar an ngnáthshaol laethúil trí mheán fógraí, tuairiscí ar ócáidí sóisialta, tionóiscí, imeachtaí cúirte agus ionchoisní – na sonraí corraitheacha uile a bhain le saol mhuintir na hÉireann thar na blianta agus gnáthghnóthaí an tsaoil freisin.
Is ag NLI atá an bailiúchán is mó de nuachtáin náisiúnta agus réigiúnacha in Éirinn, agus tá a lán acu sin digitithe agus iad ar fáil lena gcuardach ar Chartlann Nuachta na hÉireann agus ar Chartlann Nuachtán na Breataine. Tugann NLI rochtain saor in aisce ar na láithreáin ghréasáin sin, a mbíonn síntiús le híoc orthu go hiondúil, do gach léitheoir atá cláraithe linn.
Cuardaigh catalóg ar líne NLI chun féachaint thart ar na bailiúcháin nuachtán.
Is iontach an áis iad na heolairí chun taighde a dhéanamh ar na huaisle agus ar aicmí na ngairmithe, na gceannaithe agus an lucht trádála. Ach ainmneacha dhaoine uaisle an cheantair a bheith ar eolas agat, féadfar foinsí a aimsiú le haghaidh tuilleadh taighde a dhéanamh ar ghabháltais, amhail páipéir eastáit.
Bíonn an méid atá sna heolairí thar a bheith luachmhar mar fhoinse don stair áitiúil. Áirítear i roinnt eolairí faisnéis ar institiúidí poiblí, laethanta margaidh, agus eaglaisí agus scoileanna sa cheantar. D’fhéadfadh sé sin a bheith úsáideach agus tú ag iarraidh bealaí fiúntacha nua chun cinn a aimsiú i gcomhair an taighde faoi stair do theaghlaigh.
Foinse eile don té atá ag plé le stair áitiúil is ea foilseacháin de chuid chumainn staire na gcontaetha nó na bparóistí. Bíonn cineálacha éagsúla faisnéise le fáil i bhfoilseacháin dá leithéid ach d’fhéadfadh inscríbhinní ó leaca uaighe agus mionchuntais ar mhór-imeachtaí áitiúla nó ar theaghlaigh áitiúla a bheith san áireamh iontu.
Tá leagan digiteach de roinnt eolairí ar fáil ar féidir iad a chuardach ar líne, agus an láithreán síntiúis Find My Past ina measc.
Is féidir féachaint ar chóipeanna d’fhoilseacháin de chuid cumainn staire áitiúla, d’eolairí trádála, agus de thréimhseacháin sa Leabharlann Náisiúnta.
Cuardaigh i gcatalóg ar líne NLI chun breathnú ar eolairí agus bailiúcháin staire áitiúla.
Tuilleadh Nasc
- Eolairí, Léarscáileanna agus Bailte Fearainn
- Eolaire Samuel Lewis, 1837
- Thom's Directories ina bhfuil blianta áirithe ó 1862-1986
Coinníonn an Stát taifead ar úinéirí agus áititheoirí réadmhaoine i bhfoirm measúnuithe cánach agus clárúcháin ar ghníomhais réadmhaoine.
Is iad seo a leanas na taifid is inrochtana agus is iomláine i gcomhair an taighde ar stair theaghlaigh na naoú haoise déag:
- Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna, c. 1820-1840
- Leabhair agus Léarscáileanna Luachála Uí Ghríofa, 1847-1864
Tá Leabhair Cheaproinnt na nDeachúna eagraithe de réir paróistí sibhialta agus bailte fearainn, agus tugtar liostaí iontu de na daoine óna raibh cáin deachúna dlite, mar aon le measúnú ar an méid cánach a bhí le híoc.
Tugtar sonraí geografacha ionad réadmhaoine i Leabhair agus Léarscáileanna Luachála Uí Ghríofa, agus tá taifead iontu ar úinéir agus áititheoir na talún, mar aon le cur síos gairid ar an gcineál réadmhaoine agus meastachán ar a luach bliantúil.
Is féidir taighde a dhéanamh ar úinéirí agus áititheoirí talún sna taifid ó Luacháil Ghinearálta na hÉireann, 1864-c. 1975. Tá na taifid sin ar fáil san Oifig Luachála i mBaile Átha Cliath.
Tá taifid ar aistriú a rinneadh ar sheilbh talún ar fáil freisin ó Chlárlann na nGníomhas, Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath. Tá innéacs sloinnte Chlárlann na nGníomhas ó 1708-1904 ar fáil lena chuardach ar líne ag Family Search.
Is féidir taighde ar líne a dhéanamh ar sheilbh talún na linne seo ag Údarás Clárúcháin Maoine na hÉireann.
Ina theannta sin, tá taifid phríobháideacha ar sheilbh talún le fáil i mbailiúcháin páipéar dlíthiúil ar nós uachtanna, agus i dtaifid na n-eastát talún.
Tuilleadh Nasc
San 18ú agus sa 19ú haois bhí formhór mhuintir na hÉireann ina gcónaí faoin tuath agus ag obair ansin, agus iad ina bhfeirmeoirí tionóntacha ar eastáit talún.
Deimhnítear sna taifid stáit ar sheilbh talún in Éirinn an raibh duine dár sinsir ina úinéir nó ina áititheoir talún in Éirinn sa naoú haois déag agus san fhichiú haois. Má éiríonn leat teacht ar thiarna talún, is féidir páipéir eastáit atá fós ann a chuardach.
Cuardaigh catalóg ar líne NLI le hainm an tiarna talún nó ainm an eastáit.
Áirítear leis na taifid eastáit comhaontuithe léasa, mórleabhair ina bhfuil cuntas ar chíos a íocadh, léarscáileanna agus faisnéis eile a d’fhéadfadh a bheith úsáideach le haghaidh taighde ar stair theaghlaigh, agus tá litreacha ina measc freisin.
Is iondúil nach mbíonn leagan digiteach de na páipéir eastáit ann agus ní mór cuairt a thabhairt ar an leabharlann nó ar an gcartlann ina bhfuil na taifid stóráilte.
Tá liosta de na páipéir eastáit atá fós ann, agus iad eagraithe de réir na bparóistí sibhialta, ar fáil ar an láithreán gréasáin síntiúis Irish Ancestors.
I measc na samplaí de bhailiúcháin páipéar eastáit atá ag NLI tá Páipéir Inse Uí Chuinn, Páipéir Chaisleán Leasa Móire, Páipéir Thiarna Bhaile an Chaisleáin agus Eastát Chluain Broc.
Tuilleadh Nasc
- Liosta na bPáipéar Eastáit de réir Paróiste Sibhialta
www.johngrenham.com/places/civil_index.php - Bunachar Sonraí na nEastát Talún i gCúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht
landedestates.ie
Tá léarscáileanna clóite agus cinn lámhscríofa ar fáil. Tá léargas ar leith le fáil i léarscáileanna na n-eastát ar an athrú a tháinig ar thírdhreach na hÉireann agus d’fhéadfadh faisnéis a bheith iontu amhail ainmneacha tionóntaí, méid agus cineál na ngabháltas, na catagóirí talún, agus suíomh na bhfoirgneamh agus na mbóithre a bhíodh ann tráth.
Tá bailiúchán mór léarscáileanna ag NLI a rinne suirbhéirí aonair, ar nós Bailiúchán Léarscáileanna Longfield.
Na léarscáileanna clóite a rinne an Stát, is acmhainn thábhachtach iad don té atá i mbun taighde ar an stair áitiúil ós rud é go bhfuil mionléargas iontu ar an athrú a tháinig ar úsáid talún agus ar fhorbairt talún i gceantair uirbeacha agus i gceantair thuaithe ar fud na hÉireann. Rinneadh an chéad Suirbhéireacht Ordanáis (6 orlach in aghaidh an mhíle) idir 1829-1842, agus ba in 1846 a foilsíodh í.
Tá léarscáileanna stairiúla na Suirbhéireachta Ordanáis agus íomhánna satailíte ar fáil ar líne ag Amharcóir Léarscáileanna GeoHive.
Cuardaigh catalóg ar líne NLI de réir logainm.
Léigh tuilleadh faoi na Bailiúcháin Léarscáileanna atá ag NLI.
Tuilleadh Nasc
Is foinse ríthábhachtach iad taifid stairiúla na himirce chun teacht ar thuiscint ar ghluaiseacht daoine isteach chuig oileán na hÉireann agus amach ón oileán.
Is iad na taifid is tábhachtaí maidir le taighde ar stair theaghlaigh na hÉireann ná taifid inimirce atá ar fáil sna Stáit Aontaithe, san Astráil agus i dtíortha eile thar lear. D’fhéadfadh sé go n-aimseofaí sa taifead ar an inimirce an dáta teachta, an dáta imeachta agus an calafort ónar fágadh an tír, ainm an tsoithigh agus sonraí daoine eile den teaghlach nó paisinéirí eile.
Tá taifid inimirce ar fáil lena gcuardach ag láithreáin ghréasáin síntiúis, agus Ancestry agus Find My Past ina measc.
Is éard atá i gceist le liostaí paisinéirí na taifid a ullmhaíonn cuideachtaí loingseoireachta nó a ngníomhairí ag an gcalafort imeachta. Níl mórán liostaí paisinéirí in aon chor tagtha anuas chugainn, ach amháin sa chás inar coinníodh iad chun críocha dlí ar leith.
Tuilleadh Nasc
Bíonn cineálacha éagsúla taifead, agus taifid ar sheirbhís mhíleata ina measc, san áireamh leis na taifid ar ghairmeacha éagsúla.
I dtaifid ar liostáil nó ar choinscríobh, gheofar faisnéis thábhachtach amhail an dáta a chuaigh daoine i mbun seirbhíse, a n-aois agus a seoladh roimhe sin. D’fhéadfadh cur síos ar an duine féin a bheith sna taifid – airde nó meáchan, mar shampla. Tá taifid mhíleata na hÉireann ar fáil ó Chartlann Mhíleata na hÉireann
Is féidir teacht ar thaifid de chuid Arm agus Cabhlach na Breataine trí leathanaigh shíntiúis ar líne, ag Ancestry agus Find My Past, mar shampla.
Tá páipéir phearsanta de chuid daoine a bhfuil iomrá orthu i stair na hÉireann ag NLI a d’fhéadfadh bheadh ina gcúnamh freisin maidir le cur leis an eolas atá againn ar sheirbhís mhíleata daoine eile a bhí páirteach i bhfeachtais mhíleata nó i gcleachtaí míleata.
Is foinsí tábhachtacha iad dialanna, litreacha agus páipéir oifigiúla chun taighde a dhéanamh ar an stair mhíleata.
Áirítear i mbailiúcháin NLI ina dtagraítear do thréimhse Chogadh na Saoirse páipéir Florence O’Donoghue, páipéir William O’Brien, agus litreacha chuig daoine muinteartha atá le páipéir Sheehy-Skeffington.