Nuachtáin
Is í Leabharlann Náisiúnta na hÉireann an t-aon leabharlann sa Stát atá tiomanta do gach nuachtán Éireannach a bhailiú agus a chaomhnú.
Tá an cnuasach is mó sa tír againn de nuachtáin Éireannacha ó dheireadh an 17ú haois go dtí an lá atá inniu ann.
Is iad nuachtáin ó Leabharlann Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath agus ó Bhailiúchán Joly atá mar bhonn don bhailiúchán seo. Cuireadh 4,000 imleabhar eile leis in 1922 nuair a fuair an leabharlann bailiúchán Oifig an Phríomh-Rúnaí ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath.
Mar Leabharlann Taisce Dhlíthiúil, faighimid cóip de gach sraitheachán a fhoilsítear i bPoblacht na hÉireann ar bhonn laethúil, seachtainiúil nó míosúil, lena n-áirítear eagráin mhalairte. Ceannaímid nuachtáin ó Thuaisceart Éireann, nó bronntar orainn iad, agus ceannaímid nuachtáin idirnáisiúnta áirithe eile ar díol spéise Éireannach iad.
Tá sé mar aidhm ag NLI a bheith chomh cuimsitheach agus is féidir ina beartas bailiúcháin maidir le nuachtáin. Bailítear teidil áitiúla, nuachtáin saor in aisce agus nuachtáin a dhéanann ionadaíocht ar mhionlaigh agus ar ghrúpaí sainspéise freisin.
Rochtain
Is féidir teidil nuachtán a chuardach inár gcatalóg ar líne.
Ar chúiseanna caomhnaithe agus ar mhaithe le rochtain éasca, tá go leor den bhailiúchán nuachtán ar fáil ar mhicreascannán agus is féidir é a cheadú sa Seomra Léitheoireachta Micreascannán. Beidh ticéad léitheora ag teastáil uait chun dul isteach sa seomra léitheoireachta seo.
Rinneadh go leor teideal náisiúnta agus réigiúnach a dhigitiú agus tá síntiúis againn le roinnt acmhainní nuachtán digiteach ar líne, ar féidir iad a chuardach saor in aisce sna seomraí léitheoireachta.
Stóráiltear nuachtáin chruachóipe nach bhfuil ar fáil ar mhicreascannán ná i bhformáid dhigiteach lasmuigh den láthair agus ní mór iad a ordú seachtain roimh ré. Má tá bail oiriúnach orthu, déanfar iad a aisghabháil ionas go mbeifear in ann breathnú orthu sa Phríomhsheomra Léitheoireachta.
Sa chás go bhfuil micreascannán nó formáidí digiteacha ar fáil, ní eisítear an nuachtán i gcóip chrua.
An Tionscadal NEWSPLAN
Tionscadal comhoibríoch um chaomhnú nuachtán in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe a bhí sa tionscadal NEWSPLAN.
Bhí d’aidhm aige nuachtáin a chaomhnú trí chlár micreascannánaithe lena gcosnaítear sealúchais cruachóipe agus lena gcuirtear an t-ábhar ar fáil go héasca don phobal. Bhí rath an tionscadail bunaithe ar chomhoibriú leabharlanna náisiúnta, leabharlanna poiblí, leabharlanna acadúla, leabharlanna príobháideacha agus tionscal na nuachtán.
D'fhoilsigh gach réigiún tuarascáil ina liostaíodh sealúchais na gcomhad nuachtán uile sa réigiún agus leithdháileadh tosaíochtaí don mhicreascannánú.
Tá an tuarascáil d'Éirinn digitithe agus tá sí ar fáil le féachaint uirthi ar ár gcatalóg ar líne. Ní raibh sé i gceist go bhfeidhmeodh an tuarascáil mar acmhainn bhibleagrafaíochta, ach tá sí in úsáid go forleathan ar an mbealach sin agus is uirlis úsáideach taighde í.