An tSeirbhís Staire Teaghlaigh
Is pointe tosaigh iontach saor in aisce í an tSeirbhís Staire Teaghlaigh ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann dóibh siúd atá ag cur tús le taighde ar stair theaghlaigh, agus do thaighdeoirí a bhfuil níos mó taithí acu freisin.
Tá sé suite sa phríomhfhoirgneamh os cionn an halla isteach. Tá roinnt spásanna taighde ann a bhfuil ríomhairí ar fáil iontu chun teacht ar na hacmhainní digiteacha, chomh maith le saothair thagartha a bhaineann le ginealas. Tá baill foirne ar fáil chun cúnamh a thabhairt.
Is féidir uaireanta oscailte na Seirbhíse Staire Teaghlaigh a fháil anseo.
Tabhair faoi deara go dteastaíonn ticéad léitheora chun dul isteach sa Seomra Staire Teaghlaigh. Is féidir iarratas a dhéanamh ar thicéad léitheora trínár bhfoirm iarratais ar líne.
Is féidir leat coinne a dhéanamh do comhairliúchán pearsanta le ball dár bhfoireann staire teaghlaigh chun treoir a fháil maidir le taighde a dhéanamh ar stair do theaghlaigh. Chun coinne a dhéanamh, seol ríomhphost chuig familyhistoryappointments@nli.ie. Iarrfar ort roimh ré foirm ghearr a chomhlánú chun cabhrú linn do shainriachtanais a thuiscint.
Mura bhfuil tú in ann cuairt a thabhairt go pearsanta ach gur mhaith leat tosú ag déanamh taighde ar stair do theaghlaigh, seol ríomhphost chuig genealogy@nli.ie.
Cad é Seirbhís Staire Teaghlaigh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann?
Taighde a choimisiúnú
Is féidir le foireann na leabharlainne cabhrú leat taighde a dhéanamh, cabhrú leat acmhainní a aimsiú agus leideanna a thabhairt duit maidir leis na foinsí is oiriúnaí le haghaidh do thionscadail. Mar sin féin, nílimid in ann seirbhís fhairsing taighde ginealais a thairiscint. Má theastaíonn cúnamh taighde uait sa bhreis ar an méid atá ar chumas ár bhfoirne a chur ar fáil, féadfaidh sé gur mhaith leat duine éigin a choimisiúnú chun taighde a dhéanamh ar do shon.
Tá liosta taighdeoirí againn — daoine aonair agus eagraíochtaí príobháideacha — a thug le fios go bhfuil siad toilteanach tabhairt faoi thaighde ar stair teaghlaigh ar bhonn gairmiúil, íoctha.
Féach ar liosta na dtaighdeoirí anseo.
Ní dhéanann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann urraíocht nó formhuiniú ar na daoine aonair nó eagraíochtaí atá ainmnithe agus ní bheidh sí freagrach as socruithe taighde, íocaíochtaí nó torthaí.