Priontaí agus Líníochtaí
Tá os cionn 100,000 prionta agus líníocht ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, a chruthaigh na céadta ealaíontóir agus greanadóir. Is taifead amhairc iontach iad ar Éirinn ón 17ú haois go dtí an lá atá inniu ann.
San áireamh sa bhailiúchán tá priontaí aonair, albaim, líníochtaí bunaidh, uiscedhathanna, líníochtaí ailtireachta, portráidí agus saothair topagrafacha. Bhí go leor de na priontaí agus de na líníochtaí i leabharlann Chumann Ríoga Bhaile Átha Cliath ar dtús nó bhí siad mar chuid de bhailiúchán ár gcéad bronntóra, an Dr Jaspar Robert Joly.
Rochtain
Tá seirbhís theoranta ar fáil agus caithfear coinní a chur in áirithe ar a laghad trí seachtaine roimh ré. Ba cheart gach ceist a bhaineann le Priontaí & Líníochtaí agus Bailiúcháin Earraí Inbhailithe agus rochtain léitheora a sheoladh chuig prints&drawings@nli.ie
Bailiúcháin mór le ra
I measc na mbailiúchán suntasach priontaí agus líníochtaí tá:
Cartúin agus aortha Éireannacha: priontaí agus líníochtaí bunaidh faoi théamaí polaitíochta ón 18ú haois go dtí an lá atá inniu ann, lena n-áirítear saothair John Fergus O'Hea, JD Reigh agus Thomas Fitzpatrick.
Léaráidí leabhar Éireannacha: saothar ealaíne bunaidh le haghaidh leabhair le Elizabeth Rivers, Margaret Gregory, René Bull, Sophia Praeger, Harry Clarke agus PJ Lynch, i measc nithe eile.
Portráidí Éireannacha: na mílte prionta, ábhar greanta agus roinnt líníochtaí bunaidh, lena n-áirítear saothair Hugh Douglas Hamilton, James Petrie, Charles Gray RHA, Henry Brocas, Senior agus John Butler Yeats.
Priontaí agus líníochtaí topagrafacha Éireannacha: bailiúchán fairsing a thaispeánann tírdhreach athraitheach na hÉireann le himeacht trí chéad bliain.
Priontaí agus líníochtaí stairiúla na hÉireann: léaráidí, uiscedhathanna agus greanta ag taifeadadh stair pholaitiúil, eacnamaíoch agus shóisialta ó na 1660idí ar aghaidh.
Líníochtaí ailtireachta Éireannacha: saothair a chuimsíonn an 18ú agus an 19ú haois den chuid is mó, lena n-áirítear iad siúd le James Gandon, Thomas Cooley, Francis Johnston, James Cavanagh Murphy agus Michael Stapleton.
Bailiúchán Norah McGuiness: páipéir, priontaí, íomhánna agus earraí inbhailithe an phéintéara, an dearthóra agus an mhaisitheora ón 20ú haois.