Tús a chur leis

Clann Uí Fhaoláin, 1939 (POOLEWP 4313)
Tosaíonn do thaighde teaghlaigh leat féin agus le do neasteaghlach.
Má tá tú ag déanamh taighde ba chóir duit tosú trí nótaí agus cuimhní cinn a sheiceáil agus a chur i gcomparáid le daoine eile den teaghlach. Féach ar sheanghrianghraif ar féidir ainmneacha agus dátaí a thabhairt ina leith, gearrthóga nuachtáin, seanlitreacha, Bíoblaí teaghlaigh, chomh maith le leaca uaighe teaghlaigh. Déan iarracht neas-dátaí (dátaí breithe, póstaagus báis) a fháil amach, chomh maith le hainmneacha (ainmneacha tosaigh agus ainmneacha teaghlaigh gaolmhara) agus áiteanna cónaithe.
Cabhróidh an fhaisnéis seo le taifid ábhartha a aithint. Tá an sainchreideamh reiligiúnach tábhachtach freisin chun na taifid a bhaineann le do thaighde a dheimhniú.
Tá bileog oibre agus leabhrán ar líne cruthaithe ag NLI a chuimsíonn Cairt idirghníomhach Sinsearachta nó Craoibhe Ginealaigh agus a chuireann céimeanna soiléire praiticiúla ar fáil agus tú ag cur tús le do chuid taighde.
Íoslódáil Cairt Staire Teaghlaigh NLI