Leabhair
Tá thart ar aon mhilliún mír i mbailiúchán leabhar clóite Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Leabhair ar díol spéise Éireannach iad atá ag croílár bhailiúchán LNÉ. Áirítear leis sin gach leabhar arna fhoilsiú in Éirinn; gach leabhar le húdar Éireannach; agus gach leabhar ina bhfuil ábhar is spéis Éireannach.
Mar leabharlann um thaisce dhlíthiúil, tá de cheart ag LNÉ cóip de gach rud a fhoilsítear i bPoblacht na hÉireann a éileamh. Ceannaímid ábhar a fhoilsítear i dTuaisceart Éireann freisin, agus ábhar ábhartha eile a fhoilsítear níos faide ó bhaile. Tá d’aidhm ag LNÉ bailiúchán iomlán de na foilseacháin uile sa Ghaeilge a shealbhú, a chaomhnú agus a dhéanamh inrochtana. Tá beagnach 12,500 iontráil i gcomhair leabhair Ghaeilge sa chatalóg, ó go luath sa 17ú haois go dtí an lá atá inniu ann.
RochtainIs féidir míreanna a chuardach inár mbailiúcháin leabhar clóite go léir ach úsáid a bhaint as ár gcatalóg ar líne.
Is féidir leabhair a ordú ach úsáid a bhaint as an bhfoirm ordaithe ar líne.
Tá roinnt de na bailiúcháin leabhar á sealbhú go seachtrach agus ní mór iad a ordú seachtain roimh ré. Cuirtear an méid sin in iúl sna hiontrálacha ar leith sa chatalóg.
Tá go leor de na téacsanna níos sine i mbailiuchán LNÉ ar fáil láithreach ar líne i bhfoirm dhigiteach ar eResources [ríomh-Acmhainní] amhail EEBO (Early English Books Online) [Leabhair Luath-Bhéarla Ar Líne] agus ECCO (Eighteenth Century Collections) [Bailiúcháin ón 18ú hAois], agus is féidir rochtain a fháil orthu in aon cheann dár seomraí léitheoireachta.
Teastóidh ticéad léitheora uait chun an rochtain a fháil ar an seomra seo.