Sábháilteacht ar do Chuairt
Leanann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann an chomhairle is déanaí ón Rialtas i gcónaí agus tugann tosaíocht do shláinte agus sábháilteacht ár n-úsáideoirí agus ár bhfoirne.
Táimid tar éis filleadh ar lán-toilleadh inár seomraí léitheoireachta agus ní bheidh ort coinne a dhéanamh a thuilleadh chun rochtain a fháil ar ár seomraí léitheoireachta ná ar ár seirbhís staire teaghlaigh i Sráid Chill Dara. Ní mór duit ábhar a ordú roimh ré ach an fhoirm ordaithe ar líne a úsáid.
Tá rogha ann cumhdaigh aghaidhe (maisc) a chaitheamh agus is rogha phearsanta é cumhdach aghaidhe a chaitheamh. Tá fáilte romhat cumhdach aghaidhe a chaitheamh i gcónaí agus tú istigh sna foirgnimh. Le linn cuairte, feicfidh tú bearta cosanta lena n-áirítear comharthaí, stáisiúin dhíghalraithe agus aeráil mhéadaithe ar fud ár bhfoirgneamh. Tá díghalrán lámh agus ceirtíní ar fáil chun trealamh a ghlanadh roimh a n-úsáid agus ina dhiaidh.
Ná tabhair cuairt ar NLI má tá ceann ar bith de chomharthaí COVID-19 ort.