Poist i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Fostaíonn Leabharlann Náisiúnta na hÉireann breis agus 100 ball foirne in áitribh éagsúla i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá róil éagsúla ag fostaithe NLI idir a bheith ag obair lenár mbailiúcháin, ár dtaispeántais agus ár n-imeachtaí agus i réimsí amhail acmhainní daonna, airgeadas, margaíocht, teicneolaíocht faisnéise, caomhnú, oideachas, cothabháil foirgneamh agus slándáil. Tá ár bhfoirne freagrach as bheith ag obair as lámha a chéile chun straitéis NLI a chur i bhfeidhm.
Ina theannta sin, gach bliain cuirimid roinnt scoláireachtaí agus intéirneachtaí ar fáil d’iarratasóirí oiriúnacha a bhfuil céim ollscoile bainte amach acu. Déantar ár Scoláireachtaí a fhógairt trínár rannóg Deiseanna Reatha, thíos.
Gnás Iarratais
Beidh an próiseas sonrach chun iarratas a dhéanamh ar phost in NLI ag brath ar an bpost áirithe atá i gceist nó ar an gcineál comórtais.
D’fhéadfadh roinnt céimeanna a bheith sa phróiseas earcaíochta, lena n-áirítear cur ar ghearrliosta ar bhonn na faisnéise a cuireadh isteach, cur i láthair agus agallamh iomaíoch (nó breis is agallamh amháin), ach gan a bheith teoranta dóibh sin.
Féach thíos ar na deiseanna fostaíochta go léir atá ag NLI faoi láthair.
Is fostóir comhdheiseanna í Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Gach bliain, cuireann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann líon teoranta scoláireachtaí agus intéirneachtaí ar fáil d’iarratasóirí oiriúnacha.
Déanann ár mic léinn obair agus taighde chun tacú leis an obair a dhéanann NLI i réimsí éagsúla.
Bhí NLI ag obair i gcomhpháirtíocht le roinnt comhlachtaí agus eagraíochtaí ó cuireadh tús leis an gclár in 1999. Tá ról lárnach ag Scoil an Léinn Leabharlainne agus Faisnéise in UCD, Scoil na Staire in UCD, Coiste Eolaíochtaí Stairiúla na hÉireann agus Comhairle Oidhreachta na hÉireann maidir leis an deis luachmhar seo a chur ar fáil gach bliain.
Is poist íoctha iad na scoláireachtaí agus na hintéirneachtaí linn, a bhíonn ar fáil go hiondúil gach bliain i mí Dheireadh Fómhair, ar feadh tréimhse 12 mhí.
Is deis iontach iad do mhic léinn agus d’intéirnigh chun forbairt a dhéanamh ar an ngairm bheatha a bhfuil siad dírithe uirthi. Ó 1999 i leith, tá tacaíocht tugtha ag NLI do níos mó ná 70 mac léinn ar bronnadh na scoláireachtaí sin orthu nó a bhí ag gabháil do na hintéirneachtaí.
Bronntar scoláireacht leabharlainne NLI ar chéimí ar mian leis nó léi taithí a fháil ar an obair leabharlainne sula dtabharfaidh sé nó sí faoi chúrsa iarchéime sa leabharlannaíocht. Cabhraíonn Scoil an Léinn Leabharlainne agus Faisnéise in UCD le NLI iarrthóirí oiriúnacha a roghnú. Is é scoláireacht leabharlainne NLI an príomhbheart a dhéanann NLI chun cur leis an leabharlannaíocht in Éirinn.
Bronntar scoláireacht chartlainne NLI ar chéimí atá ag iarraidh taithí a fháil ar obair chartlainne sula dtabharfaidh sé nó sí faoi chúrsa iarchéime sa leánn cartlainne. Cabhraíonn Scoil na Staire in UCD le NLI iarrthóirí oiriúnacha a roghnú. Faigheann an scoláire taithí phraiticiúil ar obair chartlainne, lena n-áirítear scileanna agus oiliúint ar cuid bhunúsach iad den obair a dhéanann cartlannaí gairmiúil.
Bronntar scoláireacht taighde NLI ar scoláirí iarchéime a bhíonn ag déanamh staidéar ar stair na hÉireann. Tugann Coiste Eolaíochtaí Stairiúla na hÉireann cúnamh dúinn leis an bpróiseas trína roghnaítear na faighteoirí. Bíonn an deis ag daoine a fhaigheann an scoláireacht sin teacht ar thuiscint dhomhain ar an obair a dhéanann NLI, agus eolas a chur ar na bailiúcháin uathúla atá faoi chúram NLI. Cuireann a gcuid oibre go mór le tuiscint eolach ar an ról atá ag NLI i bpobal taighde na hÉireann.
Ina theannta sin, cuirimid intéirneacht sa chaomhnú ar fáil i gcomhpháirtíocht le Comhairle Oidhreachta na hÉireann. Cleachtas stiúideo agus taighde araon atá i gceist leis an intéirneacht, agus is cuid í de thiomantas na Comhairle Oidhreachta an dea-chleachtas a chur chun cinn i dtaobh an chaomhnaithe in Éirinn. Roghnaítear duine a bhain céim amach le déanaí i gclár oiliúna aitheanta maidir le caomhnú leabhar agus/nó páipéar, agus bíonn an té sin ag obair in éineacht le caomhnóirí a bhfuil taithí acu i stiúideo caomhnaithe NLI, agus iad ag plé le bailiúcháin éagsúla as measc bailiúcháin lámhscríbhinní, ábhar clóite agus físábhar NLI. Spreagtar an t-intéirneach chun saothar a fhoilsiú agus a chur i láthair luchtanna féachana éagsúla.
Déantar ár Scoláireachtaí a fhógairt trínár rannóg Deiseanna Reatha, thíos.
Seo thíos na deiseanna atá le tapú faoi láthair maidir le teacht ag obair le foireann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Bainisteoir Acmhainní Daonna
Deis spreagúil do chleachtóir AD atá cáilithe agus a bhfuil taithí chuí aige/aici a bheith páirteach inár bhfoireann AD ghnóthach.
Tá iarrthóirí á lorg againn faoi láthair don ról spreagúil gnóthach seo i bhfoireann AD atá ag fás. Ag tuairisciú do Cheann Acmhainní Daonna, bíonn an Bainisteoir Acmhainní Daonna ag comhéadan straitéise agus oibríochtaí do AD in NLI agus beidh sé/sí freagrach as cláir a bhainistiú ar fud mhéid iomlán shainchúram AD NLI.
Tá an tAonad Acmhainní Daonna i lár an aonaigh maidir lenár misean agus lenár straitéis mar eagraíocht a thabhairt chun beatha. Oibríonn muid chun luachanna NLI maidir le fáilte, muinín, comhoibriú agus cur chuige forásach a bhaint amach, agus tá sé suite faoi cholún straitéiseach Nuálaíochta NLI. Oibreoidh an té a cheapfar i dtimpeallacht ina gcuirtear fáilte roimh nuálaíocht agus smaointe nua agus ina mbeidh scóip ollmhór ann chun cur go díreach leis an straitéis AD agus eagraíochtúil.
Tá tuilleadh eolais maidir leis an ról agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil anseo.
Tabhair do d’aire gurb é 3:00pm, an 01 Iúil 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
Oifigeach TFC Sinsearach (Bainisteoir Oibríochtaí)
Deis spreagúil is ea an ról seo d’Oifigeach TFC Sinsearach atá cáilithe agus a bhfuil taithí chuí aige/aici a bheith páirteach inár bhfoireann bheomhar.
Mar Oifigeach Sinsearach TFC (Bainisteoir Oibríochtaí), beidh tú mar chuid lárnach den fhoireann Bonneagair & Oibríochtaí TFC. Ag obair go dlúth le Bonneagar agus Oibríochtaí TFC, cuirfidh tú leis an mBonneagar TFC agus na seirbhísí a theastaíonn don NLI a phleanáil, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun a chuspóirí a bhaint amach mar ionad oibre nua-aimseartha, táirgiúil agus mar institiúid bailithe digiteach iontaofa agus speisialaithe.
Tá tuilleadh eolais faoin ról agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil anseo.
Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh 3:00pm, 01 Iúil 2024.
Anailísí Caomhnaithe Digití
Tá iarrthóirí á lorg againn faoi láthair don ról spreagúil agus gnóthach seo. Tá ról ríthábhachtach ag an Anailísí Caomhnaithe Digití maidir le dea-chleachtas a chur i bhfeidhm go daingean i gcaomhnú digiteach ar fud LNÉ. Áirítear le cuid de na tionscnaimh sin beartas, treoirlínte agus nósanna imeachta maidir le caomhnú digiteach a fhorbairt agus a chothabháil, rannchuidiú le hanailís riachtanas, raon feidhme agus ceanglais don chóras Stóir Dhigitigh agus rannchuidiú le bainistiú riosca i gcomhthéacs an chaomhnaithe dhigitigh. Tá tuilleadh eolais faoin ról agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil thíos.
Tá tuilleadh eolais faoin ról agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil anseo.
Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh 3:00pm, 03 Iúil 2024.
2024-2025 Scoláireacht Leabharlainne
Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, i gcomhar le clár na Máistreachta sa Léann Leabharlainne agus Faisnéise (MLIS), ag cur fáilte faoi láthair roimh iarratais ar an Scoláireacht Chartlainne.
Deis iontach í do chéimí ar mian leis/léi taithí a fháil ar bheith ag obair i leabharlann roimh dó/di tabhairt faoi chúrsa iarchéime sa leabharlannaíocht. Is i Rannóg na mBailiúchán Foilsithe sa Leabharlann Náisiúnta a bheidh an mac léinn ag obair.
Tá tuilleadh eolais faoin ról agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil anseo.
Caithfear foirm iarratais oifigiúil Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a úsáid le hiarratas a dhéanamh, rud is féidir a fháil ar líne anseo.
Ba cheart foirmeacha iarratais comhlánaithe a chur ar ais tríd an ríomhphost chuig Aonad Acmhainní Daonna NLI ag careers@nli.ie.
Tabhair do d’aire gurb é 3:00pm, an 26 Meitheamh 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
2024-2025 Scoláireacht Chartlainne
Deis iontach í do chéimí ar mian leis/léi taithí a fháil ar an obair chartlainne d’fhonn é/í féin a dhéanamh réidh le hiarratas a dhéanamh ar an MA agus tús a chur leis an gcúrsa cartlainne sa Choláiste Ollscoile in 2025. Caithfidh spéis a bheith aige/aici sa stair agus caithfidh sé/sí a bheith ag iarraidh slí bheatha a bhaint amach mar chartlannaí gairmiúil. Oibreoidh an mac léinn i Rannóg na Lámhscríbhinní (Bailiúcháin Speisialta) i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Tá tuilleadh eolais faoin ról agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil anseo.
Tabhair do d’aire gurb é 3:00pm, an 26 Meitheamh 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.
2024-2025 Scoláireacht Taighde
Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, i gcomhar le Coiste Eolaíochtaí Stairiúla na hÉireann, ag cur fáilte faoi láthair roimh iarratais ar an Scoláireacht Taighde.
Deis iontach í do chéimí atá toilteanach dianstaidéar a dhéanamh ar bhailiúchán/bhailiúcháin roghnaithe lámhscríbhinní a d’fhéadfadh sé/sí a úsáid mar phríomhfhoinse i gclár taighde iarchéime nó iardhochtúireachta. Oibreoidh an mac léinn i Rannóg na Lámhscríbhinní (Bailiúcháin Speisialta) sa Leabharlann Náisiúnta.
Tá tuilleadh eolais faoin ról agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil anseo.
Tabhair do d’aire gurb é 3:00pm, an 26 Meitheamh 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.