Tionscadal Forbartha Caipitil

Tá obair á déanamh faoi mhórchlár forbartha caipitil ar chliathán thiar an champais de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann atá ar Shráid Cill Dara.
Sin é an infheistíocht is mó i mbonneagar fisiciúil na Leabharlainne Náisiúnta ó osclaíodh don phobal í in 1890. Nuair a bheidh an obair déanta, beidh an foirgneamh ag cloí le caighdeáin ár linne agus beidh ár n-oidhreacht á caomhnú, agus ómós á léiriú fós ar áilleacht an dearaidh ó ré Victeoiria.
Go dtí seo, tá oibreacha tógála – a raibh géarghá leo – tugtha chun críche ar fud ár gcampais ar Shráid Chill Dara, lena n-áirítear athlonnú na mbailiúchán priontaí, líníochtaí agus earraí inbhailithe, agus athlonnú na mbailiúchán foilseachán, ina bhfuil níos mó ná 350,000 earra. Bogadh iad ó sheilfeanna leabhar Victeoiriacha ar shé leibhéal go dtí stór nua leabhar ar an láthair.
Is tionscadal thar a bheith uaillmhianach atá i gceist. Baineann tábhacht mhór leis ó thaobh NLI a ullmhú i gcomhair na todhchaí mar go bhfágfaidh sé go mbeidh áit stórála shábháilte ann do na bailiúcháin náisiúnta, mar aon le spásanna nua chun taispeántais NLI a chur ar bun, spásanna foghlama agus spásanna i gcomhair imeachtaí; agus siopa agus caifé chun cur leis an sult a bhainfidh daoine as a gcuairt ar an Leabharlann. Cinnteofar, mar chuid den chlár, go mbeidh an foirgneamh inrochtana dár gcuairteoirí go léir.
Chun uaillmhianta na comhpháirtíochta seo – le hOifig na nOibreacha Poiblí agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán – a bhaint amach, tá buiséad mór i gceist, chomh maith le han-chuid acmhainní, ama agus saineolais. Gabhaimid buíochas leat as bheith foighneach agus tacú linn le linn an tionscadail seo.

NLI New Circulation Core - concept © OPW

NLI Longitudinal Section through West Wing © FKP Architects

NLI Education Room - concept © Digital Dimension

NLI Exhibition Space © Digital Dimension

NLI Retail Space - concept © Digital Dimension

Coincheap le haghaidh an chaifé nua sa Leabharlann Náisiúnta