Ceol
Tá idir ábhar clóite agus ábhar lámhscríbhinne i mbailiúchán ceoil Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Scóir chlóite ón 18ú haois agus ón 19ú haois is mó atá againn sa Cheol Clóite, chomh maith le mórbhileoga bailéad agus ceol pobail a clóbhuaileadh lena scaipeadh i measc an phobail i gcoitinne. I measc na lámhscríbhinní atá i seilbh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann tá na páipéir ó chuid mhór de na pearsana agus eagraíochtaí i saol an cheoil in Éirinn, an critic Charles Acton, cuir i gcás, agus Cumann Ceoil na hÉireann.
Rochtain
Gheofar ceol clóite agus lámhscríbhinní ceoil sa chatalóg ar líne agus is féidir féachaint orthu i Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní. Beidh ticéad léitheora de dhíth ort le breathnú ar na bailiúcháin seo.
Bailiúcháin mór le rá
Bailiúchán ceoil Joly: tá an bailiúchán seo i gcroílár bhailiúchán ceoil na Leabharlainne. Tá níos mó ná 6,000 mír ann ó go déanach san 18ú haois go dtí go luath sa 19ú haois. Tá ceol gutha mar chuid de, ceol a cuireadh ar fáil do thithe agus le haghaidh siamsaíochta, amhráin mhóréilimh ar nós amhráin le Michael William Balfe agus Thomas Moore. Tá ceol uirlise sa bhailiúchán fosta a bhain leis an Arm (cuadraillí, etc.), ceol uirlise don phianó agus don chláirseach, bailiúcháin chomh maith le foinn Ghaelacha maille le breachnuithe agus iad cóirithe.
An bailiúchán breise ceoil:Sa bhailiúchán seo tá os cionn 13,000 mír ó lár an 19ú haois go dtí go luath san 20ú haois. Sa bhailiúchán seo tá bileoga ceoil clóite, ceol gutha, ceol pianó, bailéid, amhráin ó cheoldrámaí arna gcóiriú don phianó, ceol uirlise don chláirseach agus don phianó, damhsaí tuaithe Gaelacha, bailiúcháin agus cóirithe d’fhoinn Ghaelacha maille le breachnuithe.
Bailiúchán Bryden Thomson: tá 700 mír sa bhailiúchán seo. Ina measc tá scóir cheoil, nótaí pearsanta agus sonraí maidir le taifeadtaí agus ceolchoirmeacha a bhain leis an stiúrthóir Bryden Thomson (1928-1991) nach maireann.
Bailiúchán Peggy Dell: is í Margaret Tisdall (1906-1979), Peggy Dell mar ab fhearr aithne uirthi, a chruinnigh an bailiúchán seo le linn saol gairmiúil fada mar oirfideach pianó, amhránaí agus siamsóir sna hallaí ceoil. I measc an 500 mír tá bileoga ceoil clóite, ceol gutha, cóirithe (páirteanna uirlise curtha le cuid acu), bailéid, ceol uirlise don phianó agus míreanna ilchineálacha.