Caomhnú
Tá an Rannóg Caomhnaithe i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ag obair le bailiúcháin NLI a chaomhnú agus a choinneáil slán.
Úsáidtear na modhanna caomhnaithe seo a leanas chun moill a chur le próiseas an scoilte nádúrtha ar bhailiúcháin agus le tuilleadh damáiste a stopadh:
- Faireachán agus rialú comhshaoil
- Ábhair a stóráil agus a choimeád
- Láimhsiú Aireach
- Cleachtas iasachta agus taispeántais
- Tubaistí a chosc agus freagairt dóibh
Baineann caomhnóirí NLI leas as an eolaíocht agus teicneolaíocht chun bailiúcháin a chur ar fáil don taighde. Mar thoradh ar na cóireálacha caomhnaithe seo maireann na bailiúcháin níos faide agus iad níos inrochtana. Úsáidtear cóireálacha saotharlainne trína gcuirtear feabhas ar bhail fhisiciúil, cheimiceach agus, go minic, féachana na míre. Bíonn ár gcaomhnóirí ag obair ar réimse beart leis an mbaol go ndéanfar damáiste do na bailiúcháin a laghdú. I measc na ngníomhartha a dhéanann siad tugann siad comhairle maidir le suirbhéireacht chun bail a mheasúnú agus athlonnú. Déanann caomhnóirí míreanna a ullmhú le haghaidh taispeántais ar an láthair agus don digitiú, chomh maith le míreanna a bheidh ag dul ar iasacht chuig taispeántais go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Is féidir cuid mhór dár gcleachtais chaomhnaithe a úsáid agus tú ag plé le do bhailiúcháin féin de ghrianghraif, litreacha, dialanna, leabhair, priontaí agus teastais. Féach Na Leideanna is Fearr ó Shaotharlann na Leabharlainne le tuilleadh eolais a fháil.
Cúram a dhéanamh de pháipéir an teaghlaigh agus iad a stóráil
Tá sé tábhachtach cáipéisí uathúla leochaileacha a choinneáil i bhfillteáin gan aigéad in áit atá tirim, ar shiúl ó sholas díreach agus ó fhoinsí teasa. Le tuilleadh comhairle a fháil, féach na naisc seo:
- Láithreán Gréasáin an Chláir um Chaomhnú
- Bileog eolais ón Ionad Comhairleach um Chaomhnú i Leabharlann na Breataine
Sean-ghrianghraif a chaomhnú
Níl aon dul siar ar an bpróiseas tréigthe sean-ghrianghraf, ach tá go leor grianghrafadóirí ann anois a chuireann seirbhís athchóirithe ábhair dhigitigh ar fáil ina ndéantar cóipeanna de ghrianghraif thréigthe a fheabhsú go digiteach. Le tuilleadh eolais a fháil faoi chaomhnú grianghraf, féach an bhileog eolais ón Ionad Comhairleach um Chaomhnú i Leabharlann na Breataine.
Earraí a athchóiriú
Ní thugann baill foirne NLI faoi thionscadail chaomhnaithe faoi choinne daoine príobháideacha. Má tá ábhar luachmhar agat ar gá a dheisiú, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le caomhnóir gairmiúil atá ag obair i gcleachtas príobháideach. Tá liosta de chaomhnóirí príobháideacha atá ag cleachtadh a gceirde ar fáil ón Institiúid Caomhnóirí Athchóiritheoirí in Éirinn agus an Clár Caomhnaithe sa Ríocht Aontaithe.
Ábhar a bhronnadh ar NLI
Táimid buíoch de na deontóirí go léir atá i ndiaidh cur go flaithiúil le forbairt na mbailiúchán náisiúnta. Más suim leat féin ábhar a bhronnadh ar an Leabharlann, déan teagmháil linn ar collections@nli.ie.
Caomhnú Digiteach
Tá éagsúlacht ag baint le gníomhartha sa chaomhnú digiteach, gníomhartha a bhíonn sa siúl ar gach céim i saol oibiachta digití: sula bhfaightear an oibiacht, an oibiacht a fháil, ionghabháil agus roimh an ionghabháil, tuairisc, stóráil agus rochtain. Sraith gníomhartha bainistithe atá sa phróiseas atá riachtanach lena chinntiú go mbeidh rochtain leanúnach ar ábhar digiteach. Ós rud é go mbíonn ábhar digiteach ag síorathrú, is iomaí cúis le baol atá ann, lena n-áirítear dífheidhmeacht crua-earraí/bogearraí/stórála agus athrú institiúideach. Tá an caomhnú digiteach ina chleachtas leabaithe in NLI agus ní haon duine amháin ná píosa bogearraí amháin a dhéanann é. Tá sé mar bhonn faoi aon tiomsú digiteach a dhéantar agus faoi chartlanna d’ábhar digitghinte, cartlanna gréasáin, cartlanna hibrideacha (idir pháipéar agus ábhar digiteach) agus taisce dhlíthiúil leictreonach.
Tá an comhoibriú riachtanach má tá NLI lena spriocanna a bhaint amach ó thaobh caomhnú digiteach de. Mar chuid den chomhoibriú sin bíonn ranna ag obair i gcomhar a chéile, mar shampla, an fhoireann TFC, foireann forbartha bogearraí agus foireann bailithe ábhair. Tugann NLI aitheantas chomh maith don tábhacht a bhaineann leis an gCóras Oscailte Faisnéise Cartlainne (OAIS). Cuirfear na caighdeáin chuí um meiteashonraí i bhfeidhm chun na bailiúcháin a thuairisciú, a bhainistiú agus a chaomhnú.
Naisc
Comhlachtaí Gairmiúla
Ranna Caomhnaithe i Leabharlanna agus i gCartlanna
- Leabharlann na Breataine
- An Leabharlann Bodleian
- Leabharlann na Comhdhála
- An Chartlann Náisiúnta (RA)