Inrochtaineacht
Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ag obair i dtreo inrochtaineacht a fheabhsú ar fud ár bhfoirgneamh mar chuid dár mórthionscadal forbartha caipitil.
Tá an Leabharlann i mbun mórchlár forbartha caipitil faoi láthair, a chinnteoidh inrochtaineacht uilíoch do gach cuairteoir.
Má bhíonn ceist ar bith agat faoi rochtain ar ár bhfoirgnimh nó ar ár seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas, déan teagmháil le hOifigeach Rochtana NLI, Peter Devlin, tríd an ríomhphost ag access@nli.ie nó ar an bhfón ar +353 (0)1 6030265
Inrochtaineacht
Tá rochtain do chathaoireacha rothaí ar phríomhfhoirgneamh NLI ar fáil trí rampa ag an bpríomhbhealach isteach ar Shráid Chill Dara.
Na doirse a théann isteach sa phríomhfhoirgneamh agus in oifig na dticéad léitheora, tá siad uathoibrithe agus is féidir iad a rialú le cnaipe rochtana.
Ar dhul isteach sa halla tosaigh, is féidir le húsáideoirí cathaoireacha rothaí agus maol-luaineachta dul isteach sa Phríomhsheomra Léitheoireachta tríd an ardaitheoir agus beidh ball foirne in éineacht leat.
Is féidir rochtain a fháil trí ardaitheoir freisin ar an taispeántas YEATS: Saol agus Saothar William Butler Yeats atá ar urlár na talún íochtair.
Tá leithris rochtana uilíoch suite ar urlár na talún amach ón halla tosaigh.
Níl aon áiseanna páirceála poiblí ag NLI. Tá limistéar tuirlingthe suite os comhair Theach Laighean timpeall 45m ónár ngeata tosaigh agus tá spásanna páirceála do chathaoireacha rothaí timpeall 100m ar shiúl ar Shráid Theach Laighean. Tá dhá áis páirceála poiblí tráchtála, timpeall 175m ar shiúl ag Lána Theach na Scoile agus Plás Setanta.
Seomraí léitheoireachta
Chun aon cheann dár seomraí léitheoireachta a úsáid, agus an tSeirbhís Staire Teaghlaigh, ní mór duit ticéad léitheora a bheith agat. Is féidir iarratas a dhéanamh ar thicéad léitheora roimh ré trínár bhfoirm iarratais ar líne.
An Príomhsheomra Léitheoireachta
Tá stáisiún oibre ar féidir a airde a athrú ar fáil sa Seomra Léitheoireachta Micreascannán atá suite amach ón bPríomhsheomra Léitheoireachta ar an gcéad urlár agus is féidir rochtain a fháil air leis an ardaitheoir. Beidh ball foirne san ardaitheoir in éineacht leis na léitheoirí.
Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní, 2–3 Sráid Chill Dara
Tá an seomra léitheoireachta seo ar urlár na talún agus tá rochtain air trí rampa. Buailfidh ball foirne le léitheoirí ag an mbealach isteach, mar sin déan teagmháil le foireann na lámhscríbhinní roimh do chuairt ag mqueries@nli.ie.
Cárta JAM
Cúis bhróid do NLI timpeallacht a chur ar fáil ina dtacaítear le Cárta JAM. Cuireann Cárta JAM ar chumas daoine a bhfuil míchumas i bhfolach nó bac cumarsáide acu a insint do dhaoine eile go dteastaíonn am breise agus tuiscint uathu ar bhealach príobháideach, éasca. Cárta fisiciúil nó aip mhóibíleach é Cárta JAM a ligeann don úsáideoir nóiméad amháin foighne (Just a Minute) a iarraidh i gcás poiblí nó sóisialta.
Nuair a thugann tú cuairt ar NLI, taispeáin do Chárta JAM (an cárta nó an aip) do bhall foirne agus beidh sé nó sí sásta do dhóthain ama a thabhairt duit agus cabhrú leat.
Spásanna Taispeántais
An Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta
Tá Seomra Léitheoireachta agus spás taispeántais na Cartlainne Náisiúnta Grianghrafadóireachta inrochtana d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí. Tá leithreas rochtana uilíoch suite ar urlár na talún.
Seamus Heaney: Taispeántas Éist Anois Arís
Tá an taispeántas Seamus Heaney: Éist Anois Arís in Ionad Cultúrtha agus Oidhreachta Bhanc na hÉireann ar Fhaiche Stiabhna – tá an bealach isteach ar Shráid Westmoreland.
Tá an spás taispeántais Seamus Heaney inrochtana d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí. Tá rampa iniompartha ar fáil chun rochtain éasca a chur ar fáil do chuairteoirí a úsáideann cathaoireacha rothaí orthu/a bhfuil maol-luaineacht orthu. Tá ardaitheoir ar fáil ar urlár na talún chun cuairteoirí a thabhairt chuig urlár an taispeántais agus tá an leithreas rochtana uilíoch ar fáil ar an gcéad urlár. Le haghaidh ceisteanna, glaoigh ar 01 670 6153 nó seol ríomhphost chuig heaneyexhibition@nli.ie.
Áiseanna
Cathaoir Evac
Tá nósanna imeachta aslonnaithe i bhfeidhm ag NLI chun cabhrú le gach duine aslonnú ó na foirgnimh go sábháilte. Cuid den nós imeachta aslonnaithe do léitheoirí cathaoireacha rothaí/maol-luaineachta is ea cathaoir “Evac” a úsáid.
Clos-lúba ionduchtaithe
Chun cabhrú le léitheoirí agus cuairteoirí a bhfuil lagú éisteachta orthu, tá lúba éisteachta suiteáilte ar fud ár bhfoirgnimh.
Madraí treorach agus cúnaimh
Tá fáilte roimh mhadraí treorach agus madraí cúnaimh.