Digitiú
Déanann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ábhar i ngach formáid a dhigitiú, lena n-áirítear grianghraif, lámhscríbhinní, leabhair, priontaí agus líníochtaí.
Tá an digitiú a dhéantar ar ábhar lárnach inár n-iarrachtaí lenár mbailiúcháin a chur ar fáil go cianda do léitheoirí agus taighdeoirí agus, san am céanna, leis na bunchóipeanna a chosaint ós rud é nach mbíonn siad á scaipeadh agus iad digitithe. Próiseas trasleabharlainne atá ann: úsáidtear critéir chomhaontaithe chun ábhar a roghnú ó réimsí na mbailiúchán; déantar meiteashonraí a chruthú ar an gcatalóg ar líne; agus, más gá, nuair a dhéantar míreanna riachtanacha a chaomhnú roimh iad a dhigitiú.
Tar éis iad a dhigitiú, déantar na híomhánna a mheas ó thaobh caighdeáin de agus cuirtear ar fáil iad sa chatalóg ar líne. Má bhíonn míreanna faoi chóipcheart agus iad digitithe, ní féidir breathnú orthu ach i seomraí léitheoireachta NLI. Nuair a dhéantar bunchóipeanna de mhíreanna a dhigitiú, baintear as cúrsaíocht iad.
Rochtain
Tá thart ar 140,000 mír digitithe ag NLI agus thart ar 780,000 íomhá mar chuid den mhéid sin. Is féidir breathnú ar mhíreanna digitithe ar an gcatalóg ar líne ach scagaire na míreanna digitithe a úsáid. Is féidir an cuardach a theorannú arís eile ach scagadh a úsáid don fhormáid, ábhar nó roghanna eile.
Feicfidh tú mionsamhail d’íomhá ar an taifead agus, nuair a chliceálfaidh tú sin beidh íomhá níos mo ann, a chuirfidh ar do chumas féachaint ar an íomhá ar bhealach níos mionsonraithe. Bíonn sé sin úsáideach má bhíonn tú ag iarraidh téacs a léamh.
Ar na bailiúcháin atá nochta ina n-iomláine nó i bpáirt mar gheall ar an digitiú tá na cinn seo a leanas: