Seirbhísí Cóipeála
Tá seirbhísí cóipeála ar fáil i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus is féidir linn cóipeanna d’ábhar ó bhailiúcháin na Leabharlainne a chur ar fáil.
Tá cuid den ábhar sa bhailiúchán nach féidir a chóipeáil mar gheall ar shrianta cóipchirt nó bail nó méid na míre.
Ní mór cloí leis an reachtaíocht um chóipcheart agus ábhar á chóipeáil agus á úsáid. Is don úsáid phríobháideach, agus don úsáid sin amháin, a chuirtear cóipeanna ar fáil. Ní féidir ábhar ó NLI a athúsáid, a scaipeadh ná a fhoilsiú gan cead a fháil. Le tuilleadh eolais a fháil, féach Cead Athúsáide.
Grianghrafadóireacht féinseirbhíse
Cuireann grianghrafadóireacht féinseirbhíse ar do chumas do cheamara fóin, táibléad nó ceamara bunúsach féin a úsáid le cóipeanna oibre a dhéanamh den ábhar don staidéar nó taighde príobháideach. Is féidir do ghléas féin a úsáid le cóipeanna digiteacha a thógáil i gcomhréir le cóipcheart.
An bailiúchán náisiúnta a chosaint agus a shábháil atá i dtús áite againne. Cloígh leis an gcomhairle ó bhaill foirne NLI maidir le nithe a láimhsiú agus cloígh leis na treoirlínte maidir le láimhsiú sábháilte.
Cóipeanna a ordú
Sula mbeimid in ann cóipeanna a dhéanamh duit, déanfaimid an t-ábhar a sheiceáil lena dheimhniú go bhfuil sé oiriúnach ó thaobh cóip a dhéanamh de. Comhlánaigh an Fhoirm Fiosrúcháin maidir le Cóipeáil thíos. Is féidir cóipeanna de níos mó ná mír amháin a ordú ar an bhfoirm.
Cuirfimid ríomhphost chugat agus na sonraí go léir a bhaineann leis an ordú ann, modhanna íocaíochta san áireamh, chomh maith le haon táillí postais nó láimhseála a d’fhéadfadh a bheith ann sula gcuirfimid an t-ordú i gcrích.
Agus an íocaíocht faighte againn, déanfaimid an t-ordú a phróiseáil agus a chur chugat taobh istigh de dheich lá oibre.
Costais Chóipeála
Fótachóipeáil agus Scanadh
Is féidir linn fótachóip nó scan a chur ar fáil d’ábhar sna bailiúcháin ag brath ar mhéid, formáid agus bail an ábhair.
Praghsanna:
Fótachóipeanna | €0.50 |
Prionta micreafoirme | €1.00 |
Scanadh digiteach (PDF, a chuirtear ar fáil mar íoslódáil leictreonach) | €1.00 |
Íomhánna Digiteacha
Is féidir linn íomhánna digiteacha d’ábhar inár mbailiúcháin a sholáthar, gheobhaidh tú na híomhánna seo trí ríomhphost le nasc íoslódála leictreonach.
Praghsanna:
Íomhá ardtaifeach ón gcomhad reatha | €10.00 | |
Íomhá ardtaifeach, nuair nach bhfuil an íomhá digitithe cheana | €25.00 |
Priontaí Ardchaighdeáin
Is féidir linn priontaí grianghrafadóireachta ardchaighdeáin a sholáthar agus bailchríoch lonrach nó neamhlonrach orthu.
Praghsanna:
Gnáthphrionta | 8” x 10” / 205mm x 255mm | €25.00 |
Prionta mór | 12” x 16”/ 305mm x 410mm | €35.00 |
Prionta an-mhór | 20” x 24”/ 410mm x 510mm | €45.00 |
Táillí postais, pacáistithe agus láimhseála
Cuirfimid ar an eolas thú maidir le haon táillí postais, pacáistithe nó láimhseála a bhaineann le d’ordú sula gcuirfear i gcrích é.
Íocaíocht
Eiseoimid sonrasc le sonraí faoi do roghanna íocaíochta.
Nuair a bheidh an íocaíocht faighte seolfar amach d’ordú laistigh de 10 lá oibre.
Ábhar na Leabharlainne Náisiúnta a athúsáid
Más mian leat an t-ábhar seo a atáirgeadh i bhfoilseachán nó chun críocha tráchtála, féach Cead chun athúsáid a bhaint as.