Earraí a Fháil ar Iasacht ó NLI
D’fhéadfadh sé go dtabharfadh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann earraí óna cuid bailiúchán ar iasacht i gcomhair taispeántais shealadacha in Éirinn agus thar lear.
Chun earraí a iarraidh ar iasacht
Chun fiosrú a dhéanamh faoin nós imeachta foirmiúil maidir le hearraí a iarraidh ar iasacht, seol ríomhphost chuig loans@nli.ie.
Ní mór iarratais fhoirmiúla a chur isteach sé mhí ar a laghad roimh dháta oscailte an taispeántais.
Admhófar laistigh de thrí seachtaine go bhfuarthas iarratais fhoirmiúla.
Sula gcuirfidh tú d’iarratas isteach, molaimid duit réamhthaighde a dhéanamh trí fhéachaint at leathanaigh na mBailiúchán agus trí chuairt a thabhairt ar ár gcatalóg ar líne, ina bhfuil faisnéis faoi na bailiúcháin atá ag NLI.
Coinníollacha maidir le hIasachtaí
Ní thabharfar earraí ar iasacht ach amháin má chomhlíonann an institiúid atá á lorg ceanglais NLI maidir le slándáil agus dálaí timpeallachta agus braitheann an cead iasachta freisin ar an bhfáil atá ar earra, ar an riocht ina bhfuil sé agus ar a uathúla atá sé.
Má thugtar earraí ar iasacht agus má chuirtear ar taispeáint iad, bíonn an baol ann go ndéanfar dochar dóibh. Mar sin, tá roinnt earraí againn nach dtugaimid ar iasacht sna cúinsí seo a leanas:
- Is earraí an-leochaileach iad.
- Is earraí iad atá íogair ó thaobh solais de (i gcás ina mbeidh tionchar ag déine an tsolais, a fhad ré agus an nochtadh dó ar riocht an earra san fhadtréimhse).
- Is imeachtaí nach seasfaidh ar feadh i bhfad atá i gceist.
Sa chás nach féidir cóipeanna bunaidh d’earraí a thabhairt ar iasacht, d’fhéadfaimis a bheith in ann earraí ionaid, nó macasamhla digiteacha, a sholáthar. Is iad ár Seirbhísí Cóipeála a chuireann a leithéid ar fáil. Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn ag loans@nli.ie.