Cóipcheart
Tugann cóipcheart cosaint do chearta údar nó cruthaitheoirí saothar áirithe agus cuireann ar a gcumas dóibh smacht a choinneáil ar an úsáid a bhaintear as a saothar.
Bíonn cóipcheart ann i gcás bunsaothar liteartha, ceoil agus ealaíne, mar aon le scannáin, taifeadtaí fuaime agus bunleaganacha de bhunachair sonraí. Tá sé de cheart ag an sealbhóir cóipchirt smacht a bheith aige nó aici ar úsáid an tsaothair, lena n-áirítear cóipeanna a dhéanamh, an saothar a chur i láthair nó a athrú.
Fad ama an chóipchirt
Bíonn éagsúlacht i gceist le fad a mhaireann an cóipcheart ag brath ar an gcineál míre atá ann. Féach an tAcht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000, an reachtaíocht phríomha lena rialaítear cóipcheart in Éirinn, le heolas a fháil maidir le fad a mhaireann cóipcheart i gcás cineálacha éagsúla ábhair.
Cóirdhéileáil
Tá leagtha amach sa reachtaíocht chomh maith na cúinsí atá díolmhaithe ó shrianta cóipchirt arna leagan ar shaothar. ‘Cóirdhéileáil’ a thugtar ar na cúinsí seo, áirítear orthu saothar a chóipeáil chun taighde nó staidéar príobháideach a dhéanamh, chun critíc nó athbhreithniú a dhéanamh air agus chun cúrsaí reatha a thuairisciú.
Ní thugtar sonraí san Acht ó 2000 maidir leis an sciar den saothar (diomaite d’ailt ó irisleabhair) is féidir a chóipeáil de réir na bhforálacha a bhaineann leis an gCóirdhéileáil. Mar sin féin, tá coinníollacha áirithe ann:
- Ní féidir ach “cion réasúnach” de shaothar a chóipeáil
- Ní féidir an chóip chéanna a thabhairt do níos mó ná triúr san am céanna agus don chúis chéanna
I gcás sraitheachán, cibé méid eagrán atá san imleabhar, is féidir an oiread sin alt a chóipeáil ón imleabhar, nó 10% den imleabhar, cibé ceann acu sin is mó.
Cuirtear i gcuimhne d’úsáideoirí bhailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann gur orthusan atá an fhreagracht chun cloí go hiomlán le dlí an chóipchirt agus iad ag baint úsáid as ábhar NLI.
An difear idir cead agus cóipcheart
Cuireann NLI cóipeanna ar fáil de na híomhánna agus d’ábhar eile i mbailiúcháin na Leabharlainne ar an tuiscint nach ndéanfar aon chóip a atáirgeadh gan cead scríofa a fháil ó NLI. Tá seans ann go ngearrfar táille as an gcead le cóip a athúsáid agus is gá aitheantas a thabhairt do NLI san fhoilseachán. Tá cuid mhór de na míreanna inár mbailiúcháin fós faoi chóipcheart. Sna cásanna sin, caithfidh an duine atá ag iarraidh an mhír a atáirgeadh cead scríofa a iarraidh ar an sealbhóir cóipchirt.
Más rud é go bhfuil cóip den íomhá glactha agat cheana féin le do ghléas digiteach féin, ní mór duit cead a iarraidh lena hath-úsáid má shocraíonn tú ar an íomhá a fhoilsiú nó a chraoladh de réir mar atá leagtha amach thuas.
Cóipcheart a dheimhniú
Tá na sonraí teagmhála le haghaidh na sealbhóirí cóipchirt i gcás cuid de scríbhneoirí agus ealaíontóirí na hÉireann le fáil ar an mbunachar sonraí WATCH atá á reáchtáil ag Ionad Harry Ransom in Ollscoil Texas agus Leabharlann Ollscoil Reading.
Athfhriotal as leabhar nó lámhscríbhinn a úsáid i bhfoilseachán eile
San Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000, luaitear, maidir le saothar atá curtha ar fáil go dleathach don phobal, nach ndéantar cóipcheart an tsaothair sin a shárú má úsáidtear athfhriotal nó sleachta as an saothar ach gur gá aitheantas a thabhairt.
I gcás lámhscríbhinní agus go háirithe lámhscríbhinní atá fós faoi chóipcheart agus/nó nár foilsíodh fós, moltar cead a iarraidh ar an sealbhóir cóipchirt sula bhfoilseofar an t-ábhar.
Séanadh: Tá na treoirlínte seo beartaithe mar bhuntreoir ghinearálta do ghnéithe ábhartha áirithe den chóipcheart. Ní léirmhíniú údarásach ar an dlí atá iontu.