Grianghrafadóir Cónaithe NLI/EPA
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann i gcomhpháirt leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil don chéad Ghrianghrafadóir Cónaithe
Tá Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, i gcomhar leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA), ag óstáil tionscnamh nua Grianghrafadóra Chónaithe sa leabharlann i mbliana chun ár n-eispéireas ar chomhshaol na hÉireann a ghabháil agus a thaifeadadh ó amharc.
Bunaíodh an EPA in 1993 agus tá urraíocht á dhéanamh aige ar an gclár mar chuid dá cheiliúradh 30 bliain. Cuirfear an tsraith dheireanach de ghrianghraif dhigiteacha leis na buanbhailiúcháin náisiúnta ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Thar cheithre shéasúr gabhfaidh an Grianghrafadóir Cónaithe íomhánna in am den aeráid agus den chomhshaol atá ag athrú, le cúnamh ó shaineolaithe de chuid an EPA agus cartlanna saibhre NLI.
Dúirt Stiúrthóir na Leabharlainne Náisiúnta, an Dr. Audrey Whitty:
“Is é seo an chéad uair a bheidh grianghrafadóir cónaithe ceaptha ag an Leabharlann Náisiúnta, duine a dhéanfaidh na dúshláin lenár dtírdhreach, flóra, fána dúchais agus tionchar na haeráide a cheistiú agus a ghabháil trína lionsa féin.
Cuirfear taispeántas ar líne i dtoll a chéile don phobal in 2026, rud a bheidh mar chuid de thiomantas leanúnach na Leabharlainne chun idirphlé agus rannpháirtíocht náisiúnta a spreagadh.”
Buail lenár nGrianghrafadóir Cónaithe
Ealaíontóir agus grianghrafadóir faisnéise is ea Paula T. Nolan atá bunaithe i mBaile Átha Cliath 3. Bhí a cuid saothar ar taispeáint i nDánlann Paul Kane, i mórán Taispeántas Bliantúil de chuid an Acadaimh Ibeirnigh Ríoga agus de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí i dTeach Farmleigh.
Is é an teideal atá ar thionscadal Paula ná ‘Athfhéachaint ar Éirinn: Staidéar Grianghraf ar Thimpeallacht na hÉireann’, tionscadal ina ndéanfaidh Paula taisteal ar an gcóras iompair phoiblí chuig gach ceann de na 26 chontae thar thréimhse bliana.
Thar na ceithre shéasúr, glacfaidh Paula íomhánna a bhfuil spéis timpeallachta ag baint leo. Beidh cúnamh aici ó rochtain ar shaineolaithe na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil agus ar bhailiúchán ghrianghrafadóireachta na Leabharlainne Náisiúnta. Tógfaidh sí grianghraif agus cuirfidh sí i gcomparáid iad leis an méid a fheiceann sí i dtírdhreach an lae inniu.
Lean Paula ar a haistear timpeall na hÉireann mar Ghrianghrafadóir Cónaithe na Leabharlainne Náisiúnta agus na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil ar Instagram anseo.