Earraí Inbhailithe
Is taifead iontach é bailiúchán earraí inbhailithe Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar Éirinn ón 17ú haois go dtí an lá atá inniu ann.
Cuimsítear sa bhailiúchán forógraí stairiúla, mórbhileoga filíochta, póstaeir, fógraí dráma, fógráin, cláir cheolchoirmeacha, cláir amharclainne, cláir chuimhneacháin, cártaí cuimhneacháin, féilirí, cártaí poist, cuirí, biachláir bhialainne, bileoga agus paimfléid ina bhfuil ocht leathanach nó níos lú.
Inrochtaineacht
Tá seirbhís theoranta ar fáil agus caithfear coinní a chur in áirithe ar a laghad trí seachtaine roimh ré. Ba cheart gach ceist a bhaineann le Priontaí & Líníochtaí agus Bailiúcháin Earraí Inbhailithe agus rochtain léitheora a sheoladh chuig prints&drawings@nli.ie.
Earraí agus bailiúcháin a bhfuil tábhacht leo
Forógraí: I measc na míreanna is spéisiúla tá bunleagan d'Fhorógra 1916 agus forógra a d’eisigh fórsaí na Fraince faoin nGinearál Jean Humbert, a tháinig i dtír ag Cuan Chill Chuimín gar do Chill Ala i mí Lúnasa 1798.
Póstaeir pholaitíochta: póstaeir toghcháin ón ré díreach i ndiaidh bhunú Stát na hÉireann in 1922.
Póstaeir an Empire Marketing Board: deich bpóstaer a dhear Margaret Clarke agus Seán Keating le haghaidh Empire Marketing Board Rialtas na Breataine chun trádáil idir Saorstát na hÉireann agus an Bhreatain Mhór a chur chun cinn.
Póstaeir Earcaíochta: póstaeir earcaíochta don arm ón 18ú haois go dtí an Chéad Chogadh Domhanda.
Bailiúchán Amharclann Holloway: cláir amharclainne, póstaeir agus fógraí dráma ó c.1880 go 1944, lena n-áirítear póstaer le haghaidh oíche oscailte dráma in Amharclann na Mainistreach in 1904.
Bailiúchán Harry Clarke: fógraí, cuirí, cártaí cuimhneacháin agus leabharshuaitheantais leis an ealaíontóir Éireannach Harry Clarke.