Lámhscríbhinní
Tá os cionn milliún mír lámhscríbhinne ar leithligh i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, a thugann taifead ar stair na hÉireann agus mhuintir na hÉireann ó thús an 11ú haois go dtí an lá atá inniu ann.
I measc na lámhscríbhinní tá imleabhair, léarscáileanna, leabhair ghearrthóg, míreanna foilsithe áirithe, chomh maith le hábhar lámhscríofa agus clóscríofa as Éirinn nó a bhaineann le hÉirinn.
Rochtain
Is féidir leat míreanna lámhscríbhinne a chuardach ach úsáid a bhaint as ár gcatalóg ar líne.
Tá fáil ar lámhscríbhinní sa Seomra Léitheoireachta Lámhscríbhinní, atá lonnaithe ag 2/3 Sráid Chill Dara. Beidh ticéad léitheora ag teastáil uait chun teacht ar na bailiúcháin sin.
Cineálacha bailiúchán lámhscríbhinní:
Lámhscríbhinní Gaelacha: lámhscríbhinní ón 14ú haois go dtí an lá atá inniu ann, a chuimsíonn raon ábhar ó litríocht go dtí gluaiseacht athbheochan na Gaeilge go dinnseanchas (béaloideas áitiúil).
Páipéir eastáit thalún: gníomhais, léasanna, cíosanna, cuntais airgeadais, uachtanna, socraíochtaí pósta, morgáistí, doiciméid dlí, léarscáileanna, comhfhreagras, chomh maith le páipéir teaghlaigh agus tí ó eastáit talún ar fud oileán na hÉireann, agus roinnt ábhar ag dul siar. chomh fada leis an 11ú haois.
Bailiúcháin litríochta: comhfhreagras, dialanna, nótaí, dréachtaí agus cóipeanna oibre de shaothair foilsithe agus neamhfhoilsithe scríbhneoirí agus drámadóirí amhail James Joyce, WB Yeats, Seamus Heaney, Edna O’Brien, Maura Laverty agus eile.
Bailiúcháin amharclainne: ábhar ó Amharclann na Mainistreach, Amharclann an Gheata, Amharclann Focus, Amharclann Field Day, Amharclann Lantern agus Amharclann Project, chomh maith le dialanna agus páipéir Joseph Holloway.
Stair pholaitiúil, shóisialta, eacnamaíoch agus saothair: páipéir na bpáirtithe polaitíochta, na gceardchumann agus daoine suntasacha i bpolaitíocht na hÉireann lena n-áirítear Edmund Burke, Wolfe Tone, Daniel O'Connell, Patrick Pearse, Roger Casement, Hanna Sheehy Skeffington agus eile.
Stair na mban: páipéir a thugann taifead ar stair na mban agus ghluaiseacht na mban in Éirinn lena n-áirítear eagraíochtaí amhail Cumann na mBan agus Bantracht na Tuaithe, agus daoine aonair amhail Rosamond Jacob, Áine Ceannt agus Helena Molony.
Cartlann Aiteach na hÉireann: cartlann bheo a thugann taifead ar an ngluaiseacht LADTI+ in Éirinn.
Bailiúchán lámhscríbhinní na hOifige Ginealais
Tá roinnt príomh-shraitheanna taifead sa bhailiúchán lámhscríbhinní seo agus tá siad curtha sa chatalóg leis an réimír ghairmuimhreach GO MS. Faightear iontrálacha catalóige ar an gcatalóg ar líne. Déantar go leor díobh a dhigitiú agus is féidir iad afheiceáil ar líne.
Innéacs comhdhlúite McAnlis le taifid na hOifige Ginealais
San innéacs ceithre imleabhar seo, liostaítear iontrálacha aonair d’ainmneacha teaghlaigh i líon suntasach de lámhscríbhinní na hOifige Ginealais.
- Innéacs Comhdhlúite McAnlis Iml. 1 A-C(1.51 MB, Adobe PDF)
- Innéacs Comhdhlúite McAnlis Iml. 2 D-H(1.40 MB, Adobe PDF)
- Innéacs Comhdhlúite McAnlis Iml. 3 I-O(1.46 MB, Adobe PDF)
- Innéacs Comhdhlúite McAnlis Iml. 4 P-Z(1.57 MB, Adobe PDF)