Seomraí Léitheoireachta
Tá roinnt seomraí léitheoireachta ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann inár láithreacha éagsúla.
Eolas ginearálta
Teastaíonn ticéad léitheora chun rochtain a fháil ar gach seomra léitheoireachta agus spás taighde.
Ní mór gach ábhar a réamhordú.
Sula dtéann tú chun féachaint ar na bailiúcháin fhisiceacha, léigh na treoirlínte chun ábhar a láimhseáil agus bain úsáid as na tacaí atá ar fáil, lena n-áirítear cúisíní agus coirníní ualaithe.
Tá ríomhairí a bhfuil rochtain acu ar bhailiúcháin dhigiteacha agus ar ríomh-acmhainní ar fáil i ngach seomra léitheoireachta.
Féadfaidh léitheoirí a ngléasanna iniompartha féin a úsáid.
Ceadaítear grianghrafadóireacht dhigiteach de na bailiúcháin. Lean na treoirlínte chun ábhar a láimhseáil.
Tá saothair thagartha ar fáil ar rochtain oscailte sna seomraí léitheoireachta.
Tá foireann NLI ar fáil chun cúnamh a thabhairt le haon cheisteanna.
Ní mór málaí agus cótaí a fhágáil sna taisceadáin atá suite sna limistéir fáiltithe.
Tá rialacha do léitheoirí ar fáil anseo.
Tá an Príomhsheomra Léitheoireachta suite ag 7–8 Sráid Chill Dara agus tá spás do suas le 75 léitheoirí ann. Seachadtar bailiúcháin fhoilsithe, lena n-áirítear leabhair, sraitheacháin, foilseacháin rialtais, agus nuachtáin chuig an Seomra Léitheoireachta seo. Cuardaigh an chatalóg ar líne.
Tá an Seomra Léitheoireachta Micreascannán suite in aice leis an bPríomhsheomra Léitheoireachta agus tá 15 spás ann le léitheoirí micreafoirmeacha agus ríomhairí. Tá na nuachtáin is mó tóir ar mhicreascannán ar fáil ar bhonn féinseirbhíse. Tá roinnt ríomhairí ann inar féidir leat féachaint ar nuachtáin dhigitithe agus ar acmhainní eile ar líne.
Tá an Seomra Léitheoireachta Lámhscríbhinní suite ag 2–3 Sráid Chill Dara agus tá spás do suas le 30 léitheoirí ann. Is féidir féachaint ar lámhscríbhinní (lena n-áirítear an Oifig Ghinealais agus lámhscríbhinní Gaeilge) agus ar bhailiúcháin na leabhar uathúil sa seomra léitheoireachta seo. Cuardaigh an chatalóg ar líne.
Tá Seomra Léitheoireachta na Cartlainne Náisiúnta Grianghrafadóireachta suit i gCearnóg Theach an Tionóil, Barra an Teampaill. Is le coinne a thugtar cead isteach sa seomra léitheoireachta; seol ríomhphost chuig npaoffice@nli.ie.