Léarscáileanna
Tá léarscáileanna luath-chlóite agus lámhscríbhinní agus léarscáileanna na comhaimseartha i mbailiúchán léarscáileanna Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Díríonn an bailiúchán go príomha ar Éirinn, ach tá léarscáileanna den Bhreatain, den Eoraip agus den chuid eile den domhan ann freisin.
Rochtain
Is féidir leat léarscáileanna a chuardach sa chatalóg ar líne.
Is féidir teacht ar bhailiúchán léarscáileanna luathchlóite agus lámhscríbhinní NLI i Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní. Beidh ticéad léitheora de dhíth ort le breathnú ar an mbailiúchán.
Léarscáileanna stairiúla
Baineann na léarscáileanna seo leis an 12ú haois go dtí an 19ú haois, agus áirítear orthu léarscáileanna míleata agus innealtóireachta, léarscáileanna eastáit, agus léarscáileanna contae Ard-Ghiúiré a thugann léargas suimiúil ar thopagrafaíocht agus stair athraitheach na hÉireann.
Earraí agus bailiúcháin is díol suntais
Léarscáil den Eoraip ón 12 haois i saothar Giraldus Cambrensis Topographia Hibernia agus léarscáileanna an domhain ón 16 haois in Theatrum orbis terrarumOrtelius.
Léarscáileanna le Richard Bartlett a thugann taifead ar choncas na dTúdarach in Éirinn.
Pleananna míleata bailte agus daingnithe ón 17 haois ag innealtóirí amhail an Captaen Thomas Phillips.
Cóipeanna de léarscáileanna an Down Survey de thailte a ghabh lucht Chromail seilbh orthu sa seachtú haois déag ag an Tiarna William Petty.
Suirbhéanna eastáit agus uirbeacha ón 18 haois le Bernard Scalé.
Léarscáileanna Suirbhéireachta Talún le John Longfield, John Brownrigg, Thomas Murray et al., i mBailiúchán Léarscáileanna Longfield: c. 1770 go 1840.
Léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis
Tá bailiúchán fairsing de léarscáileanna Suirbhéireachta Ordanáis againn chomh maith, ón gcéad suirbhé a choimisiúnaigh an Rialtas ar oileán uile na hÉireann go luath sa 19ú haois go dtí léarscáileanna an lae inniu.
Is féidir rochtain dhigiteach a dhéanamh ar go leor léarscáileanna de chuid Shuirbhéireacht Ordanáis Éireann ar díol spéise iad ó thaobh staire agus ginealais de, trínárríomh-Acmhainní , atá ar fáil saor in aisce do léitheoirí cláraithe i ngach seomra léitheoireachta. Más mian leat cuairt a thabhairt ar ár seomraí léitheoireachta agus rochtain a bheith agat ar na ríomh-Acmhainní, caithfidh tú ticéad léitheora a bheith agat.
Léarscáileanna clóite eile
Tá bailiúchán de léarscáileanna ginearálta na hÉireann ó dheireadh an 16ú haois ar aghaidh i seilbh NLI, go leor díobh in atlaischlóite.
Tá go leor léarscáileanna ann freisin mar léaráidí i leabhair chlóite agus is féidir iad a chuardach ar ár gcatalóg ar líne faoi leabhair/léarscáileanna ábhair. Áirítear orthu míreanna chomh héagsúille léarscáileanna Taylor agus Skinner de bhóithre na hÉireann ó 1777; Pleananna loingseoireachta Loch nEathach le Robert Whitworth; léarscáil Sheáin Uí Dhonnabháin de Chúrsa Mhuircheartaigh Mhic Néill; léarscáileanna geolaíochta; agus léarscáileanna a tarraingíodh le cur san áireamh i lámhleabhair turasóireachta amhail The Pictorial Handbook to Carlingford Bay agus Watering Places in its Vicinity, a foilsíodh in 1846. Léireoidh an taifead catalóige do gach mír cén seomra léitheoireachta inar féidir an mhír a cheadú. Caithfidh ticéad léitheora a bheith agat chun an rochtain a fháil ar na seomraí léitheoireachta. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar thicéad anseo.