Scannánaíocht agus Taifeadadh
Más mian leat iarratas scannánaíochta, grianghrafadóireachta nó taifeadta a chur isteach, féach an t-eolas thíos agus comhlánaigh an fhoirm chuí.
Scannánaíocht, Grianghrafadóireacht agus Taifeadadh ag an Leabharlann Náisiúnta
Iarrtar ort d’iarratas le scannánaíocht a dhéanamh, grianghraif a ghlacadh nó fuaim a thaifeadadh sa Leabharlann Náisiúnta a chur isteach ocht seachtaine ar a laghad roimh an dáta beartaithe ach an fhoirm iarratais ar líne a chomhlánú thíos. Caithfidh ball foirne maoirseacht a dhéanamh ar aon scannánaíocht, grianghrafadóireacht agus taifeadadh fuaime a dhéantar sa Leabharlann Náisiúnta. Mar gheall ar éileamh agus acmhainní, ní féidir gach iarratas a cheadú.
Ábhair
Molaimid do gach duine ar mian leis scannánú a dhéanamh ar ábhar a chuid taighde féin a dhéanamh roimh an áirithint. Is féidir leat breathnú ar ár gcatalóg ar líne anseo.
Cuir sonraí maidir leis na míreanna (gairmuimhreacha san áireamh) leis an bhfoirm iarratais thíos.
Spásanna atá ar fáil i gcomhair scannánaíochta
céimeanna – cén chaoi spás a chur in áirithe i gcomhair scannánaíochta
Cuir isteach an fhoirm iarratais thíos ocht seachtaine ar a laghad roimh an dáta beartaithe. Ní mór duit sonraí árachais a chur ar fáil. Caithfidh ball foirne maoirseacht a dhéanamh ar aon scannánaíocht, grianghrafadóireacht agus taifeadadh fuaime a dhéantar sa Leabharlann Náisiúnta.
Molaimid do gach duine a chuid taighde féin a dhéanamh roimh dó an fhoirm iarratais a chomhlánú. Is féidir leat breathnú ar ár gcatalóg ar líne anseo: catalogue.nli.ie. Breac síos na teidil, na húdair agus na gairmuimhreacha. Is féidir leat iad a lua ar an bhfoirm thíos.
Deimhneoidh an Leabharlann cibé acu an bhfuil an tionscadal ag teacht lenár luachanna , an mbeidh na seomraí ar fáil agus an mbeidh baill foirne ann le cabhrú leat.
Féach na táillí sa tábla thíos. Agus socruithe á ndéanamh agat le scannánaíocht/taifeadadh a dhéanamh ag an Leabharlann Náisiúnta, bíodh a fhios agat go bhfuil tú ag baint úsáid as am ár bhfoirne le míreanna a fháil agus a mheas, le comhfhreagras a dhéanamh leat, le hullmhúchán a dhéanamh agus le cúnamh a thabhairt duit ar an lá.
Deimhnigh an sceideal agus cuir chugainn sonraí faoin tiománaí/faoi na tiománaithe agus faoi chláruimhreacha na feithicle/na bhfeithiclí más rud é go mbeidh áiteanna páirceála ag teastáil. Deimhnigh na socruithe le do theagmhálaí sa Leabharlann Náisiúnta.
Tar chuig an Leabharlann Náisiúnta ag an am ceart. Abair le duine den fhoireann go bhfuil tú tagtha. Cuirfidh sé nó sí fáilte romhat agus treoróidh tríd an bhfoirgneamh thú. De réir bheartas sláinte agus sábháilteachta na Leabharlainne Náisiúnta, ní bheidh cead ag baill foirne cabhrú leat trealamh a iompar.
Tabhair faoi deara go mbeidh ort ionduchtú sábháilteachta a dhéanamh ar theacht chuig an láthair duit.
Táillí
Scannánaíocht/grianghrafadóireacht ar an láthair *Beidh táillí breise i gceist más gá scannánú a dhéanamh lasmuigh de na gnáthuaireanta gnó |
€250 san uair* |
Leabhair, micreascannán, nuachtáin a aisghabháil | €10 an mhír |
Ábhar cartlainne a aisghabháil | €20 an fillteán |
Nuachtáin a aisghabháil ó stóráil sheachtrach |
€25 an t-imleabhar / an bosca |
Líon uasta na míreanna = 20
D’fhéadfadh táillí faoi leith as cóipcheart agus cead a bheith i gceist. Féach ár leathanach maidir le Cead ar Athúsáid le sonraí a fháil.
*Seans go mbeadh tuilleadh baill foirne ag teastáil, bunaithe ar scála na scannánaíochta, agus bheadh costais bhreise i gceist dá mbeadh.