Cead Athúsáide

Grúpa ban agus leanaí ar Oileáin Árann ag caitheamh éadaí traidisiúnta, 1939 (INDH3339)
Caithfear cead a fháil chun ábhar ó bhailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a athúsáid roimh aon fhoilseachán, craolachán nó taispeántas.
Is éard a bheadh i gceist le hábhar a athúsáid ná é a fhoilsiú i leabhair, nuachtáin, irisí, scannáin nó craolacháin, mar shampla. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí an t-ábhar a phostáil nó a scaipeadh ar líne, ar na meáin shóisialta, mar shampla, nó chun críocha fógraíochta nó taispeána.
Má bhíonn cóipcheart i gceist agus má tharlaíonn nach le NLI an cóipcheart sin, tú féin a bheidh freagrach as cead a fháil ón sealbhóir cóipchirt leis an ábhar a athúsáid.
Táillí Ceada
Gearrtar táillí ceada ar leithligh ó tháillí cóipeála. Caithfidh tusa cead a fháil don athúsáid sula mbeimidne in ann d’ordú cóipeála a phróiseáil.
Gearrtar táillí in aghaidh na híomhá don úsáid aonuaire ach amháin má luaitear a mhalairt.
I gcás foilseacháin neamhthráchtála agus acadúla agus rith cló de níos lú ná 1,000 cóip le bheith ann, ní ghearrtar aon táille as íomhá a atáirgeadh.
Táillí le haghaidh foilsiú tráchtála i leabhair, irisleabhair, nuachtáin agus foilseacháin leictreonacha:
Suas le 10 n-íomhá | €15.00 an íomhá |
11 íomhá nó níos mó | €10.00 an íomhá |
Íomhánna a úsáidtear ar chlúdach tosaigh nó ar chlúdach cúil foilseacháin | €50.00 an íomhá |
Táillí as úsáid ar láithreáin ghréasáin, ar an teilifís agus chun críocha craolacháin (cearta domhanda a mhaireann cúig bliana agus gan aon srian leis an tarchur ná craoladh gréasáin):
Suas le 10 n-íomhá | €30.00 an íomhá |
11 íomhá nó níos mó | €20.00 an íomhá |
Cead a iarraidh chun ábhar a fhoilsiú
Comhlánaigh an Fhoirm chun Cead a Iarraidh agus seol tríd an ríomhphost chuig permission@nli.ie í
Agus athbhreithniú déanta againne ar an bhfoirm, eiseoimid sonrasc don táille chuí agus tabharfaimid sonraí maidir le modhanna íocaíochta. Eiseoimid litir chun cead a thabhairt laistigh de dheich lá oibre tar éis dúinn an íocaíocht a fháil.
Ábhar ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a lua
Ba chóir an fhoclaíocht seo a leanas a úsáid chun ábhar ó NLI a admháil: “Arna atáirgeadh le caoinchead ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.”