Bailiú
Is í Leabharlann Náisiúnta na hÉireann leabharlann taifid na hÉireann, ar tugadh sainordú di an bailiúchán náisiúnta a fhorbairt.
Is againne atá an bailiúchán is fearr ar domhan de cháipéisí a bhaineann le hÉirinn. I gcás earraí a fhaightear trí thaisce dhlíthiúil, earraí a thugtar dúinn agus earraí a cheannaímid, cuirtear ar fáil inár seomraí léitheoireachta agus ar líne iad nuair a bhíonn siad próiseáilte agus curtha leis an gcatalóg. Is cuid ríthábhachtach dár gcuid oibre é áit stórála, cúram agus bainistíocht chuí a sholáthar do na bailiúcháin go léir, agus féachtar chuige ar an gcaoi sin go gcaomhnófar iad agus go mbeidh fáil orthu ag na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh.
Saothair Nua-Fhaighte
Tá sé ina aidhm ag NLI ábhar a bhailiú a bhfuil baint aige le hÉirinn agus taifead cruinn ar aschur na hÉireann a sholáthar i mbailiúcháin lámhscríbhinní, bailiúcháin ábhar clóite agus bailiúcháin ábhar de bhunadh digiteach d'úsáideoirí na linne seo agus d’úsáideoirí amach anseo. Táimid tiomanta do réimse cuimsitheach ábhar a bhailiú chun teacht leis an éagsúlacht a bhaineann le heispéireas na nÉireannach. Leagtar amach ár gcuspóirí i dtaobh na mbailiúchán sa Bheartas um Fhorbairt na mBailiúchán 2022-2026.
Faighimid earraí trí thaisce dhlíthiúil, tugtar dúinn iad nó ceannaímid iad.
Taisce Dhlíthiúil
Faoin reachtaíocht maidir le taisce dhlíthiúil, tá sé de cheangal ar fhoilsitheoirí cóip amháin d'aon fhoilseachán a thaisceadh in NLI, agus an chóip sin a bheith saor in aisce. Clúdaítear an fhoráil reachtúil maidir le taisce dhlíthiúil in Éirinn san Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000. Tá an reachtaíocht maidir le taisce dhlíthiúil ríthábhachtach ó thaobh cur lenár mbailiúcháin náisiúnta agus is minic gur ag NLI a bhíonn an t-aon chóip d’ábhar áirithe, agus fáil ag an bpobal ar an gcóip sin. Tá sé ina aidhm shonraithe ag NLI an t-ábhar sin a chaomhnú agus é a chur ar fáil do na glúnta atá le teacht.
An t-ábhar seo a leanas a fhoilsítear in Éirinn, tá feidhm ag an bhforáil maidir le taisce dhlíthiúil ina leith:
- Nuachtáin, irisí, irisleabhair, tuarascálacha bliantúla
- Leabhair
- Léarscáileanna
- Foilseacháin áitiúla (m.sh. nuachtlitreacha pobail)
- Foilseacháin de chuid an Rialtais
- Ríomhfhoilseacháin
An seoladh le haghaidh Thaisce Dhlíthiúil NLI:
Oifig na Taisce Dlíthiúla
An tIonad Poist agus Seachadtaí
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Lána Laighean
Baile Átha Cliath 2
D02 Y7F4
Ríomhphost: legaldeposit@nli.ie
Na buntáistí a bhaineann le taisce dhlíthiúil i gcás foilsitheoirí
- Cinntítear le foráil na taisce dlíthiúla go gcuirfear bhur bhfoilseacháin leis na bailiúcháin náisiúnta ionas go bhféadfaidh gach duine iad a úsáid i gcomhair taighde agus sult a bhaint astu.
- Mar gheall ar an taisce dhlíthiúil, tá ar ár gcumas leanúint ar aghaidh ag cur lenár mbailiúchán ábhair Ghaeilge.
- Beidh lucht féachana idirnáisiúnta in ann bhur bhfoilseacháin a chuardach nuair a chuirfear le catalóg NLI iad.
- Is acmhainn iad bailiúcháin NLI a úsáideann lucht taighde ar fud na cruinne a bhíonn ag plé le hábhar Éireannach.
Tá sonraí iomlána faoi leabharlanna taisce dlíthiúla eile anseo.
Ceannach
Faighimid gach rud a fhoilsítear i dTuaisceart Éireann trí thabhartas nó trí cheannach. Faigheann NLI ábhar is díol spéise d’Éirinn agus a fhoilsítear thar lear; ábhar a scríobh Éireannach nó atá faoi ábhar a bhaineann le hÉirinn agus ceannaímid earraí a scríobhann daoine de dhiaspóra na hÉireann; leabhair le húdair Éireannacha a bhfuil aistriúchán déanta orthu; agus saothair le daoine a ndearnadh saoránaigh de chuid na hÉireann díobh le déanaí, chomh maith leo siúd a tháinig chun cónaí in Éirinn seal.
Cuireann an Leabharlann Náisiúnta lena cartlann suíomh gréasáin Éireannach agus sonraí gréasáin, cartlann a bhfuil rochtain oscailte uirthi, trí bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le daoine aonair agus le heagraíochtaí chun suímh ghréasáin is díol spéise a aithint. Fáiltítear freisin roimh mholtaí ón bpobal maidir le nithe ar cheart iad a chur le Cartlann Ghréasáin NLI . Tá suímh ghréasáin Éireannacha agus cinn ar díol spéise d’Éirinn iad i gCartlann Ghréasáin NLI, agus i gcás a lán de na foilseacháin atá inti, is ar líne amháin a chuirtear amach iad.
Tabhartas
Faigheann NLI bronntanais luachmhara gach uile bhliain le cur lenár mbailiúcháin. Táimid thar a bheith buíoch de na heagraíochtaí agus na daoine a chuir go fial flaithiúil le forbairt na mbailiúchán náisiúnta. Leagtar amach ár gcritéir roghnúcháin i dtaobh bronntanas sa Bheartas um Fhorbairt na mBailiúchán 2022-2026. Más spéis leat earraí a bhronnadh ar NLI ach mura bhfuil tú cinnte an gcomhlíonann siad ár gcritéir roghnúcháin, déan teagmháil linn ag collections@nli.ie.