Leabharlanna Taisce Dlíthiúla
Leabharlanna Taisce Dlíthiúla do Leabhair a foilsíodh in Éirinn:
Clúdaítear taisce dlíthiúil foilseachán arna dtáirgeadh ag foilsitheoirí Éireannacha in Alt 198 den Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000 a deir “go ndéanfaidh foilsitheoir aon leabhair a fhoilsítear sa stát, laistigh de mhí tar éis a fhoilsithe, ar a chostas féin, cóip den leabhar a sheachadadh chuig gach ceann díobh seo a leanas…”
• Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
• Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
• Leabharlann na Breataine
• Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
• Ollscoil Ghlaschú
• OÉ Maigh Nuad
• UCD, Baile Átha Cliath
• Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
• Ollscoil Luimnigh
Ní mór cóip de gach saothar, lena n-áirítear gach eagrán de shraitheachán, a sheoladh go díreach chuig na Ranna Cóipchirt i ngach (ocht gcinn ar fad) de na leabharlanna atá ainmnithe thuas.
Leabharlanna Taisce Dlíthiúla sa RA:
Ina theannta sin, ceanglaítear ar fhoilsitheoirí agus ar dháileoirí na hÉireann, ar iarratas, foilseacháin a thaisceadh le:
• The Bodleian Library, University of Oxford
• Cambridge University Library
• The National Library of Scotland, Edinburgh
• The National Library of Wales, Aberystwyth
Soláthraíonn Gníomhaireacht na hÉireann um Cheadúnú Cóipchirt (f/ch Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath) seoladh áitiúil d’fhoilsitheoirí agus do dháileoirí na hÉireann chun saothair a bheartaítear a chur ar aghaidh chuig na leabharlanna taisce dlíthiúla sa Ríocht Aontaithe (seachas Leabharlann na Breataine) a sheoladh.