Foilseacháin Oifigiúla
Acmhainn thábhachtach do thaighdeoirí is ea bailiúchán foilseachán oifigiúil Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
Tá foilseacháin rialtais ann ó fhoinsí Éireannacha, Briotanacha agus idirnáisiúnta, ón 17ú haois go dtí an lá atá inniu ann, mar aon le roinnt míreanna ó thréimhsí níos luaithe.
Rochtain
Tá go leor foilseacháin oifigiúla digitithe agus is féidir teacht orthu trínár ríomhAcmhainní, atá ar fáil ar an láthair. Is furasta na ríomh-Acmhainní sin a chuardach, ach bíonn ár bhfoireann ar fáil i gcónaí chun cúnamh a thabhairt. Tá roinnt foilseachán oifigiúil Éireannach sa chatalóg OPIE agus, i gcás nach bhfuil siad ar fáil go digiteach freisin, is féidir breathnú ar na cóipeanna crua sa Phríomhsheomra Léitheoireachta, agus is féidir iad a ordú roimh ré ach úsáid a bhaint as ár bhfoirm ordaithe ar líne. Beidh ticéad léitheora ag teastáil uait chun dul isteach sna seomraí léitheoireachta.
I measc na mbailiúchán d’fhoilseacháin oifigiúla atá ar fáil trí ríomh-Acmhainní tá:
Bailiúchán na hÉireann (1922 - inniu)
- Leabhar Reachtanna na hÉireann: folaíonn sé Achtanna an Oireachtais agus Ionstraimí Reachtúla agus reachtaíocht eile.
- An tOireachtas: suíomh dinimiciúil dátheangach faoi fheidhmiú na Dála agus reachtaíocht reatha.
- Iris Oifigiúil: cartlann ar líne d’fhoilseacháin an rialtais sa tréimhse ó 2002 go dtí an lá atá inniu ann.
An Ríocht Aontaithe (1800 - inniu)
- Páipéir Pharlaiminteacha na Ríochta Aontaithe
- Foilseacháin oifigiúla na Ríochta Aontaithe ar líne
- Stát-Pháipéir ar líne (1509-1714)
Tuaisceart Éireann (1921 - an lá atá inniu ann)
- Tuaisceart Éireann: A divided community, cabinet papers of the Stormont Administration 1921-1972 [Pobal Deighilte, Páipéir ó Chomh-Aireacht Riarachán Stormont 1921-1972]
- Tionól Thuaisceart Éireann
Idirnáisiúnta