Oifig Phríomh-Aralt na hÉireann
Tá Oifig an Phríomh-Arailt, ar a dtugtaí an Oifig Ghinealais roimhe seo, ina cuid de Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ó 1943 i leith.
Roimhe seo bhí freagracht as araltas na hÉireann faoi shainchúram Oifig Rí Ultach na nArmas, a bunaíodh sa bhliain 1552. Ó 1943 i leith, tá Príomh-Aralt na hÉireann freagrach as armais a dheonú agus a dheimhniú do dhaoine aonair agus do chomhlachtaí corpraithe in Éirinn. Leagtar amach in Alt 13 den Acht um Fhorais Chultúrtha Náisiúnta, 1997 feidhmeanna reachtúla Oifig Phríomh-Aralt na hÉireann. Taifeadtar na harmais go léir a deonaíodh sa tsraith de Chlár na nArmas a choinníonn an Oifig ar clár na céadta bliain d’aois é.
Cartlann Oifig Phríomh-Aralt na hÉireann
Tagraítear do thaifid na hOifige mar lámhscríbhinní na hOifige Ginealais, nó lámhscríbhinní GO go minic. Is féidir leat iad seo a fheiceáil i Seomra Léitheoireachta na Lámhscríbhinní. Tá go leor de na lámhscríbhinní araltacha stairiúla (GO) digitithe agus is féidir teacht orthu tríd angcatalóg ar líne.
Stair Oifig Phríomh-Aralt na hÉireann
Cé go mbaineann an tagairt is luaithe d’aralt armas d’Éirinn le 1382, chruthaigh an Rí Túdarach Éadbhard VI a chruthaigh ról Rí Ultach na nArmas, Aralt na hÉireann uile, go foirmiúil sa bhliain 1552. Chomh maith le harmas a dheonú agus a dhaingniú, bhí Oifig na nArmas nó Oifig Uladh freagrach as prótacal agus tosaíocht a riaradh ag Cúirt na hÉireann agus d’oibrigh sé go dlúth leis an riarachán i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Ceapachán Corónach ar feadh a shaoil ab ea Rí Ultach na nArmas agus mar sin, tar éis neamhspleáchas na hÉireann, lean an duine a ceapadh go deireanach leis an gCoróin, Sir Neville Wilkinson, in oifig mar Rí Ultach na nArmas go dtí gur bhásaigh sé in 1941.
In 1943, aistríodh Oifig na nArmas go dtí rialú Stát na hÉireann agus athainmníodh mar an Oifig Ginealais í. Aistríodh na cartlanna faoi chúram na Leabharlainne Náisiúnta ag an am céanna. Ba é an Dr Edward MacLysaght an chéad Phríomh-Aralt na hÉireann. Ó 1943 i leith, tá Oifig Phríomh-Aralt na hÉireann ag feidhmiú mar chuid den Leabharlann Náisiúnta, agus ceapann an Leabharlann an Príomh-Aralt. Ó 2010 i leith, tá baint ag post an Phríomh-Arailt le Rannóg na mBailiúchán Speisialta.
Seirbhísí Araltais
Féadfaidh Príomh-Aralt na hÉireann armas a dheonú dóibh siúd a chomhlíonann ceann de na critéir thíos:
- Saoránach d’Éirinn nó duine atá i dteideal a bheith ina shaoránach.
- Duine a chónaíonn sa Stát ar feadh na tréimhse cúig bliana ar a laghad go díreach roimh dháta an iarratais.
- Údarás poiblí nó áitiúil, comhlacht corpraithe nó aonán eile atá lonnaithe nó ag feidhmiú in Éirinn le cúig bliana ar a laghad.
- Duine aonair, comhlacht corpraithe nó aonán eile nach bhfuil ina chónaí nó lonnaithe in Éirinn ach a bhfuil naisc shuntasacha stairiúla, chultúrtha, oideachais, airgeadais nó sinsear aige nó aici le hÉirinn.
Iarratasóir |
Táille |
Deonú pearsanta nó daingniú armais |
€4,400 |
Údaráis áitiúla, oifigí Rialtais agus gníomhaireachtaí |
€8,600 |
Scoileanna, clubanna, cumainn ghairmiúla agus eagraíochtaí neamhbhrabúis eile |
€8,600 |
Comhlachtaí corparáideacha (tráchtála) |
€17,250 |
Tá suim €400 iníoctha agus an t-iarratas á dhéanamh; tá leath na táille fágtha iníoctha nuair a thosaíonn an obair ar an dearadh; ní mór an t-iarmhéid a íoc sular féidir tús a chur leis an obair ar an deonú armais féin.
Ceisteanna Araltais
Oifig an Phríomh-Arailt
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2, D02 TR76
Ríomhphost: herald@nli.ie
Is féidir ceisteanna ginealais nó staire teaghlaigh a chur chuig genealogy@nli.ie