D’Fhoilsitheoirí
Cuireann Leabharlann Náisiúnta na hÉireann na seirbhísí seo a leanas ar fáil d’fhoilsitheoirí
Cead Athúsáide
Tá faisnéis d’fhoilsitheoirí ar an leathanach Cead Athúsáide maidir leis an dóigh le cead a fháil chun ábhar ó bhailiúcháin NLI a atáirgeadh.
Reachtaíocht maidir le Taiscí Dlíthiúla
Ba chóir d’fhoilsitheoirí in Éirinn a bheith ar an eolas faoi na hoibleagáidí atá orthu faoin reachtaíocht maidir le Taiscí Dlíthiúla agus tuiscint a bheith acu ar na buntáistí a bhaineann leis an méid sin. Tá tuilleadh eolais faoi seo ar an leathanach Bailiú.
Sraithuimhir Chaighdeánach Idirnáisiúnta (ISSN)
Cód ocht ndigit atá san ISSN a úsáidtear le nuachtáin, irisleabhair, irisí agus sraitheacháin de gach sórt agus ar gach meán, idir chlóite agus leictreonach, a aithint.
Ionad Sraithuimhreacha Caighdeánacha Idirnáisiúnta na hÉireann
Tá Ionad ISSN na hÉireann in NLI mar chuid de líonra idirnáisiúnta a bhfuil breis agus 90 ionad ann. An tIonad seo atá freagrach as ISSN a shannadh do shraitheacháin a fhoilsítear i bPoblacht na hÉireann. Níl aon táille ann as an tseirbhís seo. In Ionad na hÉireann, déantar taifid ISSN a chruthú agus ansin a chlárú ar Thairseach Idirnáisiúnta ISSN ar portal.issn.org.
Critéir chun iarratas a dhéanamh ar ISSN
Ní shanntar ISSN ach ar shraitheacháin. Is éard is sraitheachán ann ná foilseacháin chlóite nó neamhchlóite a eisítear ina gcodanna. De ghnáth bíonn uimhir eisiúna nó dáta eisiúna orthu nó an dá rud. Bítear ag dréim le go leanfaidh sraitheachán ar aghaidh go deo. Tá cineálacha éagsúla sraitheachán ann, lena n-áirítear irisí, nuachtlitreacha, nuachtáin, bliainirisí (ar nós tuarascálacha, bliainirisí agus eolairí), irisleabhair, imeachtaí, idirbhearta cumann, sraitheanna uimhrithe agus foilseacháin leictreonacha.
Caithfidh tú an méid seo a leanas a léiriú san iarratas má táthar chun ISSN a shannadh duit:
- Ainm agus seoladh an fhoilsitheora, ar gá iad a bheith ar gach eagrán den fhoilseachán. Tabhair do d’aire: Ní eisíonn Ionad na hÉireann ISSN ach d’fhoilseacháin a bhfuil seoladh in Éirinn ag gabháil leo.
- Eagrán iomlán nó cóip den chlúdach, leathanach teidil agus leathanach an eagarfhocail mar fhótachóipeanna nó go digiteach mar chomhad .pdf nó .jpg. Ní mór ainm agus seoladh an fhoilsitheora a bheith le feiceáil ar leathanach an eagarfhocail (nó ar leathanach eile a mbeidh sé éasca teacht orthu).
- Ní mór sonraí teagmhála a chur ar fáil. Ar na sonraí sin, áirítear ainm an fhoilsitheora nó na hinstitiúide, seoladh, uimhir ghutháin nó uimhreacha gutháin agus seoltaí ríomhphoist (fearann na hinstitiúide, gcás inarb infheidhme).
Tá critéir bhreise ag baint le foilseacháin ar líne:
- Ní shanntar ISSN d’fhoilseacháin ar líne sula bhfoilsítear iad.
- Ní shannfar ISSN d’fhoilseachán ar líne go dtí go ndéanfar an chéad eagrán de a uaslódáil.
- Ní mór boird eagarthóireachta a ainmniú go soiléir agus sonraí teagmhála iomlána a chur ar láithreán gréasáin an fhoilseacháin, lena n-áirítear ainm an fhoilsitheora nó na hinstitiúide, seoladh, uimhir ghutháin nó uimhreacha gutháin, seoladh ríomhphoist (fearann na hinstitiúide, i gcás inarb infheidhme).
- Ní mór URL bailí a bheith ag an bhfoilseachán.
- Ba cheart irisleabhar/irisleabhair nó sraitheachán/sraitheacháin atá comhcheangailte le hinstitiúidí nó le heagraíochtaí a nascadh le láithreán gréasáin na hinstitiúide nó na heagraíochta.
- Más foilseachán nua atá ann, is gá cúig alt ar a laghad a bheith ann le go nglacfar leis mar eagrán amháin.
- D’fhéadfadh sé go mbeadh orainn tuilleadh eolais a iarraidh oraibh le fáil amach an bhfuil an foilseachán atá beartaithe agaibh i dteideal ISSN.
Forchoimeádann NLI an ceart chun sannadh ISSN a dhiúltú má mheastar go bhfuil an té atá á lorg tar éis faisnéis mhíthreorach a thabhairt, nó go bhfuil faisnéis mhíthreorach foilsithe san fhoilseachán féin nó le feiceáil ar láithreán gréasáin an fhoilseacháin. D’fhéadfadh an fhaisnéis mhíthreorach sin a bheith ag baint le háit an fhoilsithe (seoladh an fhoilsitheora), na comhaltaí ar an mbord eagarthóireachta, tagairtí ag na seirbhísí innéacsaithe nó bunachair sonraí, rannpháirt i gcláir um chaomhnú digiteach nó údarthacht na n-alt a tugadh.
Úsáidí a bhaintear as ISSN
D’fhoilsitheoirí:
Aitheantóir uathúil atá san ISSN ar féidir a úsáid le barrachóid a chur le chéile.
Do leabharlanna:
Úsáidtear ISSNanna i gcatalóga leabharlann mar aitheantóirí uathúla. Is minic iad á n-úsáid leis an difear a léiriú idir dhá fhoilseachán a bhfuil an teideal céanna orthu.
Do ghníomhaireachtaí síntiúis:
Úsáideann gníomhaireachtaí, a bhíonn ag feidhmiú mar idirghabhálaithe idir foilsitheoirí agus a gcustaiméirí, an ISSN lena dheimhniú go ndéantar an sraitheachán ceart a ordú.
D’acadóirí:
Úsáidtear ISSNanna chun sonraí iomlána foilseachán a lua chun críocha taighde.
Do mhiondíoltóirí nó mórdhíoltóirí:
Úsáidtear barrachóid bunaithe ar ISSN laistigh dá gcórais inmheánacha féin chun scaipeadh irisí/nuachtán a mheasúnú agus a rialú.
D’acmhainní Rochtana Oscailte:
Bíonn ISSN riachtanach don innéacsú.
ISSN agus Barrachóid
Is féidir ISSN a úsáid le barrachód a dhéanamh, rud a bhíonn á lorg ag go leor mórdhíoltóirí agus miondíoltóirí anois. Úsáidtear an phríomhchuid den bharrachód leis an teideal a aithint. Má thagann athrú ar an teideal, beidh ort iarratas a dhéanamh ar ISSN nua agus beidh barrachód nua ag teastáil chomh maith.
Ní thugann Ionad ISSN na hÉireann barrachóid amach. Tá soláthraithe tráchtála éagsúla in Éirinn a chuireann an tseirbhís seo ar fáil. Beidh an soláthraí ábalta aon cheisteanna a bhaineann le barrachóid a fhreagairt. Tá faisnéis chabhrach ar fáil ón Ionad Idirnáisiúnta ISSN.
ISSN a Thaispeáint
Ba chóir an ISSN a thaispeáint in áit fheiceálach ar gach eagrán de shraitheachán. Ar shraitheacháin chlóite, ba chóir é a thaispeáint ar an gclúdach tosaigh, ar an leathanach teidil, ar an gclúdach cúil nó ar leathanaigh an eagarfhocail. Ar shraitheachán digiteach, ba chóir an ISSN a thaispeáint go feiceálach ar an scáileán teidil nó ar an bpríomh-roghchlár.
Ba chóir spás agus na ceannlitreacha ISSN a bheith roimh an uimhir, ansin 4 dhigit, ansin fleiscín agus ansin na chéad 4 dhigit eile. Mar shampla: ISSN 2881-7680.
ISBN
Úsáidtear Leabharuimhreacha Caighdeánacha Idirnáisiúnta (ISBN) faoi chomhair leabhar. Is ionann ISBN agus imleabhar amháin. Ní dhéanann NLI ISBNanna a eisiúint. Is féidir ISBN a fháil ó Shiopa ISBN Nielsen ar www.nielsenisbnstore.com.
Foirm Iarratais ar líne le haghaidh ISSN
Cuir an chéad eagrán d’fhoilseacháin chlóite sa phost chuig an seoladh seo thíos:
Ionad Sraithuimhreacha Caighdeánacha Idirnáisiúnta na hÉireann
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Post agus Seachadtaí
Lána Laighean
D02 Y7F4
Seoladh ríomhphoist: issnirl@nli.ie
Uimhir Theagmhála: +353 1 603 0288