Tabhair Cuairt ar Líne
Is féidir teacht ar bhailiúcháin, taispeántais, imeachtaí agus cláir foghlama Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ar líne ó áit ar bith ar domhan.
Bailiúcháin ar Líne
Tabhair cuairt ar ár gcatalóga ar líne chun féachaint ar ár mbailiúcháin dhigitithe éagsúla agus bhríomhara. Tá siad ar fáil duit chun taighde a dhéanamh agus chun sult a bhaint astu. Is féidir le duine ar bith féachaint ar na bailiúcháin seo am ar bith, ó áit ar bith.
Féach ar bhailiúcháin chlóite, bailiúcháin lámhscríbhinní agus físbhailiúcháin NLI inár gcatalóg ar líne.
Taispeántais ar Líne
Is gearr ó dhoras na Leabharlainne eispéireas cultúrtha spreagthach. Féach ar ár dtaispeántais ar líne inniu, agus bí linn chun iniúchadh a dhéanamh ar scéalta na hÉireann. Féach ar na taispeántais agus na himeachtaí atá againn ar líne anseo.
Imeachtaí ar Líne
Tá áthas orainn fáilte a chur roimh chuairteoirí ó áiteanna ar fud an domhain chuig imeachtaí agus turais fhíorúla NLI. Féach ar ár gclár gnóthach imeachtaí anseo.
Ríomhfhoghlaim
Tá go leor dár ngníomhaíochtaí agus acmhainní do ghrúpaí bunscoile, iar-bhunscoile, tríú leibhéal agus foghlama ar feadh an tsaoil ar fáil ar líne, lena n-áirítear seisiúin bheo arna gcur i láthair ar Zoom ag baill d’fhoireann na Leabharlainne. Tuilleadh eolais anseo.
Inrochtaineacht ar Líne
Cuirimid clár Teanga Chomharthaíochta na hÉireann agus imeachtaí agus turais fotheidealaithe ar fáil ar líne. Téigh chuig an Leathanach Inrochtaineachta le tuilleadh eolais a fháil.